Faighteoirí Deontais Mac Léinn: Anailís Chomhoibríoch Sonraí

Modheolaíocht agus Sainmhínithe



Leagtar amach ar an leathanach seo na sainmhínithe agus an mhodheolaíocht do na tuarascálacha Faighteoirí Deontais Mac Léinn: Anailís Chomhoibríoch Sonraí.  Áirítear leis sin:

  • Conas a nasctar tacar sonraí ÚAO agus tacar sonraí SUSI i ngach cás
  • Liosta de shainmhínithe deontais

Leagtar amach sa réamhrá leis an tionscadal na ceithre ghné anailíse, is iad sin:

  1. Staitisticí ar Chothromas Rochtana
  2. Staitisticí ar Dhéimeagrafaic Mac Léinn
  3. Anailís ar Neamhdhul Chun Cinn
  4. Staitisticí ar Thorthaí Céimithe

Ós rud é go mbaineann siad le tacair sonraí dhifriúla laistigh de bhonneagar sonraí an ÚAO, úsáidtear modheolaíocht ar leith i ngach ceann de na hanailísí chun sonraí SUSI a nascadh le sonraí an ÚAO.  Cuimsíonn tacar sonraí SUSI UPSP, an institiúid ardoideachais ar freastalaíodh uirthi, bliain an staidéir, rátaí deontais mac léinn, rátaí cóngarachta agus fad ón gcoláiste.  Nasctar na sonraí sin ansin le gach ceann de na tacair sonraí seo a leanas de chuid an ÚAO:

  • An Córas Taifead Mac Léinn: Príomhbhunachar sonraí rolluithe agus céimithe an ÚAO.
  • An Suirbhé ar Rochtain Chothrom: Déantar an suirbhé deonach seo tráth dul isteach san oideachas agus bailítear leis sonraí faoi stádas míchumais agus eitneacht mac léinn, i measc athróga eile.
  • An Suirbhé ar Thorthaí Céimithe: Déantar an suirbhé deonach seo naoi mí tar éis céim a bhaint amach agus gabhtar leis príomhghníomhaíocht na gcéimithe amhail fostaíocht nó staidéar breise.

Iarrtar ar léitheoirí aird a thabhairt ar an nóta anailíseach atá ar áireamh sa réamhrá, ina luaitear go bhfuil gach ceann de na tuarascálacha seo leithleach ó chéile ón taobh anailíseach de.

Cosaint Sonraí agus Próiseáil Sonraí 

Gné lárnach de bhailiú agus próiseáil sonraí laistigh den ÚAO is ea cosaint agus príobháideacht sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú.  Déanann an ÚAO sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach, go cothrom agus ar shlí thrédhearcach i gcomhréir leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018.

Próiseálann an ÚAO raon sonraí pearsanta agus íogaire faoi mhic léinn agus faoi chéimithe, agus rinne sé na bearta is gá chun cloí go hiomlán leis na hoibleagáidí atá air faoin dlí cosanta sonraí.  Ó theacht isteach an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, chuir an ÚAO gach beartas agus nós imeachta iomchuí cosanta sonraí i bhfeidhm.

Ar an gcéad dul síos, cinntíonn an ÚAO go gcomhlíontar prionsabal na dlíthiúlachta trí bhunús dlí bailí a chinntiú do gach gníomhaíocht próiseála, lena n-áirítear bunúis dlí shonracha do bhailiú sonraí faoi Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022 (ailt 48-51).  Maidir le prionsabail na cothroime agus na trédhearcachta, tá sé ríthábhachtach go gcuirfí mic léinn agus céimithe ar an eolas faoi na sonraí atá á mbailiú ag institiúidí ardoideachais agus atá á soláthar don ÚAO agus go dtuigfeadh siad an méid sin.  Tráth a chláraíonn siad, tugtar fógra um bailiú sonraí do mhic léinn, rud ina leagtar amach go mion na sonraí atá á mbailiú, na críocha ar chucu atá na sonraí sin á n-úsáid, agus na cearta atá ag mic léinn i ndáil leis na sonraí sin. Tá nósanna imeachta i bhfeidhm ag an ÚAO chun cabhrú leis na cearta atá ag ábhair sonraí a fheidhmiú.

Cinntíonn an ÚAO freisin go bhfuil críocha sonracha, follasacha agus dlisteanacha ann chun sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear chun críocha staidrimh, nach mbailítear ach na sonraí riachtanacha chun na gcríoch sin, agus nach gcoinnítear sonraí ach ar feadh na tréimhse is gá chun na críocha sin a chomhlíonadh.

Ar an dara dul síos, bhunaigh an ÚAO Comhaontuithe um Chomhroinnt Sonraí le gach institiúid ardoideachais atá faoina choimirce agus le geallsealbhóirí eile chun rialú a dhéanamh ar an gcomhroinnt sonraí a theastaíonn chun feidhmeanna an ÚAO a chomhlíonadh. Tá Beartas um Athrú Sonraí a Bhainistiú i bhfeidhm ag an ÚAO chun a shuí cén uair is gá Measúnuithe Tionchair ar Chosaint Sonraí a dhéanamh, agus déantar Measúnuithe Tionchair ar Chosaint Sonraí go tráthrialta ar phróiseáil bheartaithe nua sonraí nó i gcás go bhfuil sé beartaithe athrú a dhéanamh ar an bpróiseáil.

Ar an tríú dul síos, chun a chinntiú go ndéantar sonraí aonair a chosaint de réir na leibhéal is airde slándála, is trí thairseach ar líne atá forbartha ar Oracle APEX a bhainistítear bailiú sonraí mac léinn agus céimithe. Trí leas a bhaint as fíordheimhniú úsáideora, cumasaítear leis an tairseach sin do gach institiúid ardoideachais sonraí a uaslódáil i bhformáid XML. Déantar na sonraí sin a bhailíochtú tráth a uaslódáiltear iad. Leis an tairseach, úsáidtear deimhnithe SSL chun a dheimhniú don úsáideoir go bhfuil sé/sí nasctha leis an bhfreastalaí ceart agus go bhfuil na sonraí a chuirtear ar aghaidh chuig brabhsálaí an úsáideora agus uaidh araon criptithe i gceart.

Cinntítear cruinneas sonraí trí iniúchtaí fairsinge sonraí, arb iniúchtaí iad a dhéantar tráth a fhaightear sonraí gach bliain.  Cuireann institiúidí ardoideachais a n-ainm leis na sonraí ar leibhéal sinsearach tar éis gach ceist iniúchta a réiteach.

Tá an ÚAO tiomanta do phróiseáil dhleathach, chothrom agus thrédhearcach sonraí pearsanta mac léinn agus céimithe a chinntiú tríd an reachtaíocht cosanta sonraí a chomhlíonadh, lena n-áirítear bearta cuí teicniúla agus eagrúcháin a úsáid. Déanfaidh an ÚAO gach beart réasúnach chun sonraí pearsanta mac léinn agus céimithe a dhaingniú agus a chosaint, agus an Dlí Cosanta Sonraí á chomhlíonadh aige an tráth céanna.  Maidir le sonraí catagóire speisialta, leanfaimid le cloí leis na caighdeáin is airde ó thaobh dea-chleachtais cosanta sonraí de. Chuige sin, braithimid ar Airteagal 9 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, agus comhlíonaimid é, lena n-áirítear bearta oiriúnacha sonracha a chur i bhfeidhm nuair is gá chun sonraí den sórt sin a chosaint.

Tá Comhaontuithe um Chosaint Sonraí i bhfeidhm le gach duine a sholáthraíonn sonraí ar leibhéal an duine aonair don ÚAO, agus athbhreithnítear na Comhaontuithe sin go tráthrialta chun a chinntiú go bhfuil siad ag teacht le gach foráil dhlíthiúil iomchuí agus le gach forbairt ó thaobh sonraí de. Déantar Measúnuithe Tionchair at Phríobháideacht Sonraí, agus tugtar cothrom le dáta iad, freisin i gcás go ndéantar próiseáil sonraí nua nó nuashonraithe, nuair is gá.

1. Staitisticí ar Chothromas Rochtana 

I gcás na tuarascála maidir le Staitisticí ar Chothromas Rochtana, tá sainmhíniú an ÚAO ar iontrálaithe nua mar a leanas:

  • Cláir Leibhéal 6, 7 agus 8, lena n-áirítear: ardteastais, gnáthchéimeanna, céimeanna onóracha fochéime
  • Modh staidéir lánaimseartha
  • Mic léinn chéad bhliana
  • Cód mic léinn d’iontrálaithe nua

Breithníodh na hIontrálaithe Nua sin don tréimhse 2017/18 go 2022/23, agus iad grúpáilte de réir cé acu a dámhadh nó nár dámhadh deontas SUSI dóibh, agus scrúdaíodh athróga ó na sonraí a bailíodh sa Suirbhé ar Rochtain Chothrom don bhliain chomhfhreagrach.

2. Staitisticí ar Dhéimeagrafaic Mac Léinn

I gcás na tuarascála maidir le Staitisticí ar Dhéimeagrafaic Mac Léinn, nascadh gach UPSP mic léinn i dtacar sonraí SUSI leis an uimhir chéanna i dtacar sonraí Chóras Taifead Mac Léinn an ÚAO i gcás gach bliana acadúla.

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuimsíonn an tacar sonraí san anailís seo an cohórt iomlán mac léinn a fhaigheann deontas SUSI.  Ní ar áireamh san anailís atá sealbhóirí deontais eile SUSI, amhail iad sin atá sa bhreisoideachas, iad sin atá in institiúidí nach gcistíonn an ÚAO iad agus iad sin atá ag déanamh staidéir thar lear.  Tá an anailís seo teoranta dóibh sin atá ag déanamh staidéar ar chúrsaí ardoideachais in institiúidí a gcistíonn an ÚAO iad.

Ina theannta sin, áirítear leis an anailís sa chaibidil seo mic léinn a bhfuil sainchónaí orthu thar lear agus nach gnách go bhfaigheann siad deontas.  Dá bhrí sin, is leithne cuallacht mac léinn an ÚAO a bhreithnítear anseo ná an chuallacht mac léinn atá incháilithe do dheontas.

Ar deireadh, ós rud é go bhfuil na sonraí sa chaibidil seo nasctha ar bhonn UPSP, meastar gur mic léinn nach bhfaigheann deontas iad na mic léinn sin nach bhfuil UPSP acu nó a bhfuil UPSP neamhbhailí acu.

Dá bhrí sin, ba cheart don léitheoir na tosca sin a chur san áireamh agus aon tátal á bhaint acu.

3. Anailís ar Neamhdhul Chun Cinn

Úsáidtear an téarma ‘neamhdhul chun cinn’ chun a chur in iúl cé acu a athrollaíonn Iontrálaithe Nua san Ardoideachas in Éirinn ag a n-institiúid sa dara bliain, agus tá sé ina shlat tomhais thábhachtach le haghaidh torthaí luatha do mhic léinn atá ag tosú ar an Ardoideachas a ghabháil.

Sa tuarascáil seo, scrúdaítear torthaí neamhdhul chun cinn i measc na nIontrálaithe Nua ar dámhadh deontas SUSI dóibh agus déantar comparáid idir an grúpa sin agus Iontrálaithe Nua nach bhfuair deontas SUSI. I gcás na hAnailíse ar Neamhdhul Chun Cinn, tá sainmhíniú an ÚAO ar iontrálaithe nua mar a leanas:

  • Cláir Leibhéal 6, 7 agus 8, lena n-áirítear: ardteastais, gnáthchéimeanna, céimeanna onóracha fochéime
  • Modh staidéir lánaimseartha
  • Mic léinn chéad bhliana
  • Cód mic léinn d’iontrálaithe nua

Sanntar “táscaire neamhdhul chun cinn” do gach mac léinn freisin, rud lena léirítear dul chun cinn an mhic léinn, nó neamhdhul chun cinn an mhic léinn, ón gcéad bhliain go dtí an dara bliain.  Cuimsíonn an tacar sonraí seo comhad SRS maidir le “Neamhdhul Chun Cinn Iontrálaithe Nua”. Ba cheart do léitheoirí a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil UPSP ag na mic léinn uile seo; agus úsáidtear UPSP mar bhonn le haghaidh sonraí a nascadh idir tacar sonraí an ÚAO agus tacar sonraí SUSI. Is mic léinn a bhfuil sainchónaí orthu thar lear atá i bhformhór na mac léinn sin nach bhfuil UPSP acu.  Nasctar an comhad SRS maidir le “Neamhdhul Chun Cinn Iontrálaithe Nua” le tacar sonraí SUSI ansin trí UPSP a úsáid.

Ina theannta sin, ba cheart do léitheoirí a thabhairt faoi deara gurb é sainmhíniú an ÚAO ar neamhdhul chun cinn an sainmhíniú a bhreithnítear sa tuarascáil seo, rud nach ionann é agus sainmhíniú SUSI: ní mór iarratasóir ar dheontas SUSI a mheas a bheith ag dul chun cinn ina c(h)uid oideachais chun a bheith incháilithe do dheontas, cibé acu trí bhogadh ó bhliain amháin go dtí an chéad bhliain eile nó trí dhul chun cinn ina leibhéal oideachais, i.e., Clár Iar-Ardteistiméireachta → Clár Fochéime → Clár Iarchéime.

4. Anailís ar Thorthaí Céimithe

Is é an Suirbhé ar Thorthaí Céimithe a rinneadh ar Rang na bliana 2022 an ní a bhreithnítear sa tuarascáil maidir le hAnailís ar Thorthaí Céimithe.  Is céimithe iad sin a d’fhreagair an Suirbhé ar Thorthaí Céimithe sa bhliain 2023, thart ar naoi mí tar éis dóibh céim a bhaint amach.

Leis an bpróiseas, nascadh taifid SUSI don tréimhse 2017/18 – 2021/22 le tacar sonraí an tSuirbhé ar Thorthaí Céimithe a rinneadh ar rang na bliana 2022. Úsáideadh UPSP agus leibhéal staidéir (clár fochéime nó clár iarchéime) chun taifid mheaitseáilte a shainaithint.

Mar is féidir a fheiceáil in 1. Staitisticí ar Dhéimeagrafaic Mac Léinn, is in Éirinn atá sainchónaí ar na faighteoirí deontais uile, beagnach, agus tá an tuarascáil seo teoranta do chéimithe a bhfuil sainchónaí orthu in Éirinn.  Chomh maith leis sin, mar gheall ar an líon íseal céimithe ag leibhéal 10 a fuair deontas, tá an anailís teoranta do na céimithe sin ag Leibhéil 6, 7, 8 agus 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuimsíonn an tacar sonraí san anailís seo an cohórt iomlán mac léinn a fhaigheann deontas SUSI.  Ní ar áireamh san anailís atá sealbhóirí deontais eile, amhail iad sin atá sa bhreisoideachas, iad sin atá in institiúidí nach gcistíonn an ÚAO iad agus iad sin atá ag déanamh staidéir thar lear.  Tá an anailís seo teoranta dóibh sin atá ag déanamh staidéar ar chúrsaí ardoideachais in institiúidí a gcistíonn an ÚAO iad.

Cineálacha deontais

Is ann do roinnt cineálacha difriúla de dhámhachtainí deontais SUSI, agus tá siad sin liostaithe thíos.  Is leis an mbliain acadúil 2023/24 a bhaineann na méideanna airgeadais atá liostaithe.

Rátaí Speisialta:

Ráta Speisialta Neamhchóngarach (os cionn 30 km ón gcoláiste don bhliain reatha), Cothabháil is fiú €6,791 sa bhliain agus Táillí Iomlána/Ranníocaíocht Iomlán (€3,000) (Suas le €6,270 le haghaidh Iarchéimithe)

Ráta Speisialta Neamhchóngarach (faoi bhun 30 km ón gcoláiste don bhliain reatha), Cothabháil is fiú €2,936 sa bhliain agus Táillí Iomlána/Ranníocaíocht Iomlán (€3,000) (Suas le €6,270 le haghaidh Iarchéimithe)

Banda 1:

Banda 1 (ar a dtugtar an Ráta 100% freisin) Neamhchóngarach, Cothabháil is fiú €3,667 sa bhliain agus Táillí Iomlána/Ranníocaíocht Iomlán (€3,000)

Banda 1 (ar a dtugtar an Ráta 100% freisin) Cóngarach, Cothabháil is fiú €1,613 sa bhliain agus Táillí Iomlána/Ranníocaíocht Iomlán (€3,000)

Banda 2:

Banda 2 (ar a dtugtar an Ráta 75% freisin) Neamhchóngarach, Cothabháil is fiú €2,717 sa bhliain agus Táillí Iomlána/Ranníocaíocht Iomlán (€3,000)

Banda 2 (ar a dtugtar an Ráta 75% freisin) Cóngarach, Cothabháil is fiú €1,221 sa bhliain agus Táillí Iomlána/Ranníocaíocht Iomlán (€3,000)

Banda 3:

Banda 3 (ar a dtugtar an Ráta 50% freisin) Neamhchóngarach, Cothabháil is fiú €1,887 sa bhliain agus Táillí Iomlána/Ranníocaíocht Iomlán (€3,000)

Banda 3 (ar a dtugtar an Ráta 50% freisin) Cóngarach, Cothabháil is fiú €886 sa bhliain agus Táillí Iomlána/Ranníocaíocht Iomlán (€3,000)

Banda 4:

Banda 4 (ar a dtugtar an Ráta 25% freisin) Neamhchóngarach, Cothabháil is fiú €1,051 sa bhliain agus Táillí Iomlána/Ranníocaíocht Iomlán (€3,000)

Banda 4 (ar a dtugtar an Ráta 25% freisin) Cóngarach, Cothabháil is fiú €556 sa bhliain agus Táillí Iomlána/Ranníocaíocht Iomlán (€3,000)

Gan Rátaí Cothabhála (Ní bhreithnítear cóngaracht):

100% de Ranníocaíocht an Mhic Léinn/50% de Tháillí Teagaisc

50% de Ranníocaíocht an Mhic Léinn, i gcás go bhfuil an mac léinn incháilithe faoin Tionscnamh Táillí in Aisce

Ranníocaíocht €4,000 i leith Táillí Iarchéime

Táillí Teagaisc Iarchéime, suas le €6,270 ar a mhéad

€500 i dtreo Ranníocaíocht an Mhic Léinn, i gcás go bhfuil an mac léinn incháilithe faoin Tionscnamh Táillí in Aisce