Faighteoirí Deontais Mac Léinn: Anailís Chomhoibríoch Sonraí

1. Staitisticí ar Chothromas Rochtana



Mar atá tugtha faoi deara sa réamhrá, tá Comhaontú um Chomhroinnt Sonraí i bhfeidhm ag an ÚAO le Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), an t-údarás náisiúnta dámhachtana deontas. Tríd an gComhaontú um Chomhroinnt Sonraí, d’aistrigh SUSI sonraí chuig an ÚAO faoi fhaighteoirí deontais ón mbliain 2017/2018 go dtí an bhliain 2022/23.  Áirítear leis na sonraí a aistríodh rátaí deontais mac léinn, rátaí cóngarachta agus fad ón gcoláiste.

Is féidir anailís ar shonraí roghnaithe ón Suirbhé ar Rochtain Chothrom do dhámhachtaithe deontais SUSI i measc Iontrálaithe Nua san Ardoideachas a rochtain i bhformáid Word agus i bhformáid PDF thíos.

Cuspóir na tuarascála seo agus cur chuige anailíseach

Iarrtar ar léitheoirí aird a thabhairt ar an nóta anailíseach atá ar áireamh sa réamhrá, ina luaitear go bhfuil an tuarascáil seo leithleach ó na tuarascálacha eile laistigh den tsraith tuarascálacha seo ón taobh anailíseach de.

Tugtar sa tuarascáil seo anailís thuairisciúil ar Iontrálaithe Nua don tréimhse 2017/18 go 2022/23, agus iad grúpáilte de réir cé acu a dámhadh nó nár dámhadh deontas SUSI dóibh, agus scrúdaítear inti athróga ó na sonraí a bailíodh sa Suirbhé ar Rochtain Chothrom don bhliain chomhfhreagrach. Cuirtear i láthair inti torthaí do na difríochtaí idir na grúpaí sna réimsí seo a leanas:

  1. Eitneacht
  2. Míchumas
  3. Stádas tuismitheora agus fáil na hÍocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora

 

Tá sainmhíniú an ÚAO ar iontrálaithe nua mar a leanas:

  • Cláir Leibhéal 6, 7 agus 8, lena n-áirítear: ardteastais, gnáthchéimeanna, céimeanna onóracha fochéime
  • Modh staidéir lánaimseartha
  • Mic léinn chéad bhliana
  • Cód mic léinn d’iontrálaithe nua

 

Toisc thábhachtach don anailís ar shonraí suirbhé, amhail an Suirbhé ar Rochtain Chothrom, is ea an ráta freagartha foriomlán ar an suirbhé (an ráta aonaid neamhfhreagartha), an ráta freagartha ar cheisteanna aonair sa suirbhé (an ráta ítime neamhfhreagartha), agus aon difríochtaí córasacha idir an dá ghrúpa ina leith sin. Ba cheart aon difríochtaí den sórt sin a chur san áireamh agus na torthaí á léirmhíniú, toisc go bhféadfadh rátaí freagartha difreálacha dul i bhfeidhm ar an tátal is féidir a bhaint as na torthaí.

Úsáidtear an Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) mar bhonn le haghaidh sonraí a nascadh idir tacar sonraí an ÚAO agus tacar sonraí SUSI. Ba cheart do léitheoirí a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil UPSP ag na mic léinn uile seo. Is mic léinn a bhfuil sainchónaí orthu thar lear atá i bhformhór na mac léinn sin nach bhfuil UPSP acu.

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuimsíonn an tacar sonraí san anailís seo an cohórt iomlán mac léinn a fhaigheann deontas SUSI.  Ní ar áireamh san anailís atá sealbhóirí deontais eile SUSI, amhail iad sin atá sa bhreisoideachas, iad sin atá in institiúidí nach gcistíonn an ÚAO iad agus iad sin atá ag déanamh staidéir thar lear.  Tá an anailís seo teoranta dóibh sin atá ag déanamh staidéar ar chúrsaí ardoideachais in institiúidí a gcistíonn an ÚAO iad.  Is féidir tuilleadh mionsonraí faoin gcóras deontas agus faoin modheolaíocht atá taobh thiar den tuarascáil seo a fháil ar an leathanach Modheolaíocht agus Sainmhínithe.


Príomhfhionnachtana 

Tá achoimre ar na príomhfhionnachtana tugtha mar a leanas:

  • Bhí cion na bhfreagraithe ar an Suirbhé ar Rochtain Chothrom sa raon idir 72% agus 78% thar an tréimhse bhreathnaithe, agus b’ionann é, tríd is tríd, dóibh sin a fuair dámhachtain SUSI agus dóibh sin nach bhfuair dámhachtain SUSI. Tá difríocht chórasach ann i bpatrún na bhfreagraithe ar cheisteanna sonracha, áfach, i gcás ceisteanna a bhaineann le míchumas.
  • Bhí cion na nIontrálaithe Nua a thuairiscigh eitneacht seachas Geal (Éireannach) sa ghrúpa ar dámhadh deontas SUSI dó níos mó ná dhá oiread an fhigiúir sa ghrúpa nár dámhadh deontas SUSI dó, agus iad cothrom le 30.2% agus le 13.9% faoi seach sa bhliain 2022/23. Bhí eitneacht Gheal (cúlra geal eile) ar an eitneacht is coitianta seachas eitneacht Gheal (Éireannach).
  • Tháinig méadú 50% ar an líon mac léinn a thuairiscigh míchumas amháin ar a laghad idir na blianta 2017/18 agus 2022/23, agus ba mhó an t-athrú comhréireach sa ghrúpa nár dámhadh deontas SUSI dó (méadú 82.3%) ná sa ghrúpa ar dámhadh deontas SUSI dó (méadú 13.1%). I gcás an ghrúpa ar dámhadh deontas SUSI dó, bhí laghdú ann ar an líon tuairiscí míchumais idir na blianta 2021/22 agus 2022/23.
  • I gcás an ghrúpa ar dámhadh deontas SUSI dó, ba iad riochtaí síceolaíocha an cineál míchumais a bhí taobh thiar den chuid is mó den mhéadú sin, rud a bhain an figiúr is airde amach don ghrúpa seo sa bhliain 2021/22 agus ar tháinig laghdú air an chéad bhliain eile. I gcás an ghrúpa nár dámhadh deontas SUSI dó, tháinig méadú suntasach ar riochtaí foghlama, ar riochtaí síceolaíocha agus ar riochtaí eile le linn na tréimhse, an bhliain 2022/23 san áireamh.
  • I gcás mic léinn a bhfuil míchumas orthu agus a thuairiscigh go dteastaíonn tacaíocht bhreise uathu, bhí fás láidir ar chásanna i measc daoine sa ghrúpa nár dámhadh deontas SUSI dó le linn na tréimhse. Bhí fás measartha ann suas go dtí an bhliain 2021/22 agus bhí laghdú ann ansin suas go dtí an bhliain 2022/23 ina leith seo i measc an ghrúpa ar dámhadh deontas SUSI dó. Tháinig méadú ar a mhinice a thuairiscigh daoine níos mó ná míchumas amháin sa ghrúpa ar dámhadh deontas SUSI dó agus sa ghrúpa nár dámhadh deontas SUSI dó araon le linn na tréimhse breathnaithe. B’airde an méadú ina leith seo sa ghrúpa nár dámhadh deontas SUSI dó ná sa ghrúpa eile idir na blianta 2020/21 agus 2022/23.
  • Tháinig laghdú ar chion na bhfreagraithe a thuairiscigh gur tuismitheoir iad sa ghrúpa ar dámhadh deontas SUSI dó, agus é ag titim ó 4.9% sa bhliain 2019/20 go 3.1% sa bhliain 2022/23. B’ísle ná sin an cion a thuairiscigh gur tuismitheoir iad sa ghrúpa nár dámhadh deontas SUSI dó, agus é sa raon idir 1% agus 2%. D’éirigh an figiúr níos seasmhaí le himeacht ama.
  • Maidir le daoine a thuairiscigh gur tuismitheoir iad sa bhliain 2022/23, thuairiscigh 31.3% de fhreagraithe sa ghrúpa ar dámhadh deontas SUSI dó go bhfaigheann siad an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, i gcomparáid le 14.7% sa ghrúpa eile. Bhí na cionta seo ag teacht, tríd is tríd, leis na figiúirí i mblianta eile.

Read report in Word

Read report in PDF