Faighteoirí Deontais Mac Léinn: Anailís Chomhoibríoch Sonraí
4. Staitisticí ar Thorthaí Céimithe
Mar atá tugtha faoi deara sa Réamhrá, tá Comhaontú um Chomhroinnt Sonraí i bhfeidhm ag an ÚAO le Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), an t-údarás náisiúnta dámhachtana deontas. Tríd an gComhaontú um Chomhroinnt Sonraí, d’aistrigh SUSI sonraí chuig an ÚAO faoi fhaighteoirí deontais ón mbliain 2017/2018 go dtí an bhliain 2022/23. Áirítear leis na sonraí a aistríodh rátaí deontais mac léinn, rátaí cóngarachta agus fad ón gcoláiste.
Leis an anailís seo, nasctar tacar sonraí SUSI leis an Suirbhé ar Thorthaí Céimithe ón ÚAO. Is ionann an Suirbhé ar Thorthaí Céimithe agus suirbhé náisiúnta na hÉireann ar chéimithe ardoideachais, a dhéantar thart ar naoi mí tar éis dóibh céim a bhaint amach. Gabhtar sa tacar sonraí sin sonraí faoi stádas eacnamaíoch, tuarastail, earnálacha, slite beatha, suíomh fostaíochta/staidéar breise, agus machnaimh céimithe. Is féidir mionsonraí iomlána faoin Suirbhé ar Thorthaí Céimithe a fháil ag www.graduateoutcomes.ie.
Nascadh tacar sonraí SUSI leis an Suirbhé ar Thorthaí Céimithe a rinne an ÚAO ar Rang na bliana 2022, agus breithníodh na hathróga seo a leanas ann:
- Príomhstádas Eacnamaíoch (príomhcheann scríbe tar éis céim a bhaint amach)
- An grád a bronnadh
- Torthaí fostaíochta: Cineál slí beatha, Tuarastail, Earnáil Fostaíochta agus Suíomh Fostaíochta
- Ábharthacht an chláir staidéir don fhostaíocht
Tá cairt idirghníomhach ann i ngach rannán den leathanach seo, agus is féidir leis an léitheoir a roghnú amharc ar na sonraí de réir réimse staidéir, de réir leibhéal den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí agus de réir inscne tríd an scagaire cuí a roghnú.
Is fiú a thabhairt faoi deara go ndearnadh athbhreithniú ar an Suirbhé ar Thorthaí Céimithe sa bhliain 2024, agus áirítear leis sin measúnú ar bhailíocht sonraí, i measc gnéithe eile den suirbhé. Foilseofar an t-athbhreithniú sin ar shuíomh Gréasáin an ÚAO i bhFómhar na bliana 2024. Ceann amháin de na príomhfhionnachtana ón athbhreithniú sin is ea go bhfuil na sonraí ionadaíoch don mhórphobal céimithe.
Cuspóir na tuarascála seo agus cur chuige anailíseach
Iarrtar ar léitheoirí aird a thabhairt ar an nóta anailíseach atá ar áireamh sa Réamhrá, ina luaitear go bhfuil an tuarascáil seo leithleach ó na tuarascálacha eile laistigh den tsraith tuarascálacha seo ón taobh anailíseach de.
Is é cuspóir na tuarascála seo na torthaí do chéimithe a fuair deontas ó SUSI agus na torthaí do chéimithe nach bhfuair deontas ó SUSI i gcás rang na bliana 2022 a chur i gcomparáid le chéile. Is céimithe iad sin a d’fhreagair an Suirbhé ar Thorthaí Céimithe sa bhliain 2023, thart ar naoi mí tar éis dóibh céim a bhaint amach.
Leis an bpróiseas, nascadh taifid SUSI don tréimhse 2017/18 – 2021/22 le tacar sonraí an tSuirbhé ar Thorthaí Céimithe a rinneadh ar rang na bliana 2022. Úsáideadh UPSP agus leibhéal staidéir (clár fochéime nó clár iarchéime) chun taifid mheaitseáilte a shainaithint.
Ós rud é gurb é cuspóir na tuarascála seo mic léinn a fuair deontas agus mic léinn nach bhfuair deontas a chur i gcomparáid le chéile, tá an tuarascáil seo teoranta do chéimithe a bhfuil sainchónaí orthu in Éirinn. Chomh maith leis sin, mar gheall ar an líon íseal céimithe ag leibhéal 10 a fuair deontas, tá an anailís teoranta do na céimithe sin ag Leibhéil 6, 7, 8 agus 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuimsíonn an tacar sonraí san anailís seo an cohórt iomlán mac léinn a fhaigheann deontas SUSI. Ní ar áireamh san anailís atá sealbhóirí deontais eile, amhail iad sin atá sa bhreisoideachas, iad sin atá in institiúidí nach gcistíonn an ÚAO iad agus iad sin atá ag déanamh staidéir thar lear. Tá an anailís seo teoranta dóibh sin atá ag déanamh staidéar ar chúrsaí ardoideachais in institiúidí a gcistíonn an ÚAO iad.
Tugtar sa rannán Modheolaíocht agus Sainmhínithe den tsraith tuarascálacha seo tuilleadh mionsonraí faoin dóigh ar nascadh na sonraí le chéile agus faoin gcohórt mac léinn/céimithe a cuireadh ar áireamh.
Príomhfhionnachtana
Tá achoimre ar na príomhfhionnachtana tugtha mar a leanas:
- Ba é 49.7% an ráta freagartha foriomlán. Agus é cothrom le 52.3%, b’airde an ráta freagartha i measc faighteoirí deontais ná i measc céimithe nach bhfuair deontas.
- B’ísle cion na bhfaighteoirí deontais i rang na bliana 2022 ar éirigh leo dámhachtain céadonóracha a bhaint amach ná cion na gcéimithe nach bhfuair deontas. Mar sin féin, b’airde cion na bhfaighteoirí deontais ar éirigh leo céim 2.1 a bhaint amach ná cion na gcéimithe nach bhfuair deontas.
- B’ísle cion na bhfaighteoirí deontais i rang na bliana 2022 a bhí san fhostaíocht naoi mí tar éis dóibh céim a bhaint amach ná cion na gcéimithe nach bhfuair deontas. Mar sin féin, b’airde cion na bhfaighteoirí deontais a chuaigh i mbun staidéar breise ná cion na gcéimithe nach bhfuair deontas.
- B’ísle cion na bhfaighteoirí deontais a bhí fostaithe i slite beatha Gairmiúla nó i róil Bhainisteora, Stiúrthóra nó Oifigigh Shinsearaigh ná cion na gcéimithe nach bhfuair deontas. B’airde cion na bhfaighteoirí deontais a bhí fostaithe i slite beatha Gairmiúla Comhlacha nó i slite beatha Díolacháin agus Seirbhíse do Chustaiméirí ná cion na gcéimithe nach bhfuair deontas. Tá ceangal ann idir an réimse staidéir a roghnaítear agus slite beatha iarchéime, agus ba cheart don léitheoir é sin a chur san áireamh.
- Tríd is tríd, b’ísle an tuarastal a bhí á fháil ag faighteoirí deontais ná é sin a bhí á fháil ag céimithe nach bhfuair deontas. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, gurbh airde cion na bhfaighteoirí deontais a rinne staidéar ar réimsí lena ngabhann pá níos ísle amhail Seirbhísí nó na hEalaíona agus na Daonnachtaí ná cion na gcéimithe nach bhfuair deontas (féach an miondealú ar fhaighteoirí deontais de réir réimse staidéir sa chairt dheireanach ar an leathanach Staitisticí Tuairisciúla chun tuilleadh mionsonraí a fháil).
- Ba bheag difríocht idir faighteoirí deontais agus céimithe nach bhfuair deontas i ndáil le suíomh fostaíochta (Éire nó thar lear).
- B’ísle cion na bhfaighteoirí deontais a mheas a gcúrsa a bheith “ábhartha” nó “an-ábhartha” dá bpost ná cion na gcéimithe nach bhfuair deontas.
An Grád a Bronnadh
B’airde cion na gcéimithe nach bhfuair deontas ar bronnadh céim céadonóracha orthu ná cion na bhfaighteoirí deontais ar fud inscne, réimse staidéir agus leibhéal den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. B’airde, áfach, cion na bhfaighteoirí deontais ar bronnadh dara honóracha uachtair orthu ná cion na gcéimithe nach bhfuair deontas.
Léirítear sa chairt thuas an grád a bronnadh ar fhaighteoirí deontais agus ar chéimithe nach bhfuair deontas.
Réimse Staidéir
Ba le bronnadh céadonóracha i dTeicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFCanna) a bhain an difríocht is mó idir faighteoirí deontais agus céimithe nach bhfuair deontas, áit ar bronnadh céadonóracha ar 54% de chéimithe nach bhfuair deontas, i gcomparáid le 32% d’fhaighteoirí deontais. Ba le bronnadh céadonóracha i dTalmhaíocht, Foraoiseacht, Iascach agus Tréidliacht a bhain na difríochtaí is lú, áit ar bronnadh céadonóracha ar 26% d’fhaighteoirí deontais i gcomparáid le 25% de chéimithe nach bhfuair deontas.
Leibhéal den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí
Bhí difríocht 8 bpointe chéatadánacha ann maidir le bronnadh céadonóracha ag leibhéal 8: bronnadh céadonóracha ar 33% de chéimithe Leibhéal 8 nach bhfuair deontas, i gcomparáid le 25% d’fhaighteoirí deontais Leibhéal 8. Bhí difríocht 9 bpointe chéatadánacha ann ag leibhéal 9, áit ar bronnadh céadonóracha ar 41% de chéimithe Leibhéal 9 nach bhfuair deontas, i gcomparáid le 32% d’fhaighteoirí deontais.
Inscne
Bhí difríochtaí ann idir na céimithe ar bronnadh céadonóracha orthu ó thaobh inscne de. I gcás céimithe den inscne bhaineann, bhí difríocht 11 phointe chéatadánacha ann idir cion na gcéimithe nach bhfuair deontas (36%) ar bronnadh céadonóracha orthu agus faighteoirí deontais (25%) ar bronnadh céadonóracha orthu. I gcás céimithe den inscne fhireann, bhí difríocht 8 bpointe chéatadánacha ann idir cion na gcéimithe nach bhfuair deontas (32%) ar bronnadh céadonóracha orthu agus faighteoirí deontais (24%) ar bronnadh céadonóracha orthu.
Príomhcheann Scríbe na Mac Léinn
Bhí 86.4% de chéimithe den inscne fhireann nach bhfuair deontas san fhostaíocht naoi mí tar éis dóibh céim a bhaint amach, i gcomparáid le 78.2% d’fhaighteoirí deontais.
Léirítear sa chairt thuas príomhcheann scríbe na gcéimithe. Áirítear iad seo a leanas leis na torthaí sin:
- Fostaíocht lánaimseartha
- Fostaíocht pháirtaimseartha
- Le post a thosú sa chéad trí mhí eile
- Staidéar breise lánaimseartha
- Staidéar breise páirtaimseartha
- Gníomhaíocht eile
- Dífhostaithe agus ar lorg oibre
Réimse Staidéir
Ar fud gach réimse staidéir, beagnach, b’airde cion na gcéimithe nach bhfuair deontas a bhí san fhostaíocht ná cion na bhfaighteoirí deontais. Eisceachtaí ina leith sin ba ea na hEolaíochtaí Nádúrtha, Matamaitic agus Staidreamh, áit a raibh na torthaí fostaíochta cothrom le chéile den chuid is mó.
Leibhéal den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí
Ar fud na leibhéal uile den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, b’airde cion na gcéimithe nach bhfuair deontas a bhí san fhostaíocht ná cion na bhfaighteoirí deontais. I gcás fhormhór na leibhéal den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, bhí cion na bhfaighteoirí deontais a chuaigh ar aghaidh chun staidéar breise a dhéanamh beagáinín níos airde ná cion na gcéimithe nach bhfuair deontas. Ba é an t-aon eisceacht ina leith sin ná leibhéal 8, áit a raibh na torthaí don dá chohórt cosúil le chéile. Bhí níos mó ná 70% den chohórt foriomlán faighteoirí deontais san fhostaíocht, áfach.
Inscne
Bhí 86.4% de chéimithe den inscne fhireann nach bhfuair deontas san fhostaíocht naoi mí tar éis dóibh céim a bhaint amach, i gcomparáid le 78.2% de chéimithe a fuair deontas. Ba iad na figiúirí comhfhreagracha do chéimithe den inscne bhaineann ná 84.3% (céimithe nach bhfuair deontas) agus 78.7% (faighteoirí deontais).
Cineál Slí Beatha
Bhí 57% de chéimithe den inscne bhaineann nach bhfuair deontas agus a bhí san fhostaíocht fostaithe i Slite Beatha Gairmiúla, i gcomparáid le 47% d’fhaighteoirí deontais den inscne bhaineann.
Léirítear sa chairt thuas slí bheatha na gcéimithe a bhí san fhostaíocht, naoi mí tar éis dóibh céim a bhaint amach. Ba í an ghairm is coitianta i measc céimithe ná Slite Beatha Gairmiúla. Tá ceangal idir slite beatha céimithe agus réimse staidéir agus leibhéal den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí araon.
Réimse Staidéir
Ar fud fhormhór na réimsí staidéir, b’airde cion na gcéimithe nach bhfuair deontas a bhí fostaithe i Slite Beatha Gairmiúla ná cion na bhfaighteoirí deontais. Eisceacht ina leith sin ba ea Céimithe Oideachais, áit a raibh 87% d’fhaighteoirí deontais agus de chéimithe nach bhfuair deontas araon fostaithe i Slite Beatha Gairmiúla.
Leibhéal den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí
I gcás chéimithe Leibhéal 8, bhí 52% de chéimithe nach bhfuair deontas fostaithe i Slite Beatha Gairmiúla, i gcomparáid le 46% d’fhaighteoirí deontais. I gcás chéimithe Leibhéal 9, bhí 12% de chéimithe nach bhfuair deontas fostaithe mar Bhainisteoirí, Stiúrthóirí nó Oifigigh Shinsearacha, i gcomparáid le 3% d’fhaighteoirí deontais.
Inscne
Bhí 52% de chéimithe den inscne fhireann nach bhfuair deontas agus a bhí san fhostaíocht fostaithe i Slite Beatha Gairmiúla, i gcomparáid le 48% d’fhaighteoirí deontais. Ba iad na figiúirí comhfhreagracha do chéimithe den inscne bhaineann ná 57% do chéimithe nach bhfuair deontas agus 47% d’fhaighteoirí deontais.
Earnáil Fostaíochta
Bhí 17% de chéimithe Leibhéal 8 nach bhfuair deontas fostaithe i ngníomhaíochtaí sláinte daonna agus oibre sóisialta, i gcomparáid le 15% d’fhaighteoirí deontais.
Tugtar sa chairt thuas earnáil fostaíochta na gcéimithe fostaithe naoi mí tar éis dóibh céim a bhaint amach. Is gnách go n-oibríonn céimithe ar fud raon an-leathan earnálacha, agus tá ceangal láidir ann idir an earnáil fostaíochta agus réimse staidéir an chéimí. Mar shampla, is dóichí gur san earnáil Gníomhaíochtaí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta a oibreoidh céimithe clár Sláinte agus Leasa, agus is dóichí gur san earnáil Oideachais a oibreoidh céimithe clár Oideachais.
Réimse Staidéir
Bhí 69% de chéimithe nach bhfuair deontas agus a rinne staidéar ar Shláinte agus Leas fostaithe san earnáil Gníomhaíochtaí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta. Ba é 62% an figiúr comhfhreagrach d’fhaighteoirí deontais.
Leibhéal den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí
Bhí 17% de chéimithe Leibhéal 8 nach bhfuair deontas fostaithe i nGníomhaíochtaí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta, i gcomparáid le 15% d’fhaighteoirí deontais.
Inscne
Bhí 20% de chéimithe den inscne bhaineann nach bhfuair deontas fostaithe san earnáil Oideachais, i gcomparáid le 15% d’fhaighteoirí deontais.
Tuarastail
Bhí 12% de chéimithe TFC nach bhfuair deontas ag tuilleamh níos mó ná €80,000, i gcomparáid le 1% d’fhaighteoirí deontais.
Tugtar sa chairt thuas bandaí tuarastail na gcéimithe fostaithe naoi mí tar éis dóibh céim a bhaint amach.
Réimse Staidéir
Bhí 12% de chéimithe TFC nach bhfuair deontas ag tuilleamh níos mó ná €80,000, i gcomparáid le 1% d’fhaighteoirí deontais. Ar fud gach réimse staidéir, ba mhó cion na gcéimithe nach bhfuair deontas a bhí ag tuilleamh €80,000 ná cion na bhfaighteoirí deontais.
Leibhéal den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí
I gcás chéimithe Leibhéal 9, bhí 15% de chéimithe nach bhfuair deontas ag tuilleamh níos mó ná €80,000, i gcomparáid le 1% d’fhaighteoirí deontais.
Inscne
Bhí 12% de chéimithe den inscne fhireann nach bhfuair deontas ag tuilleamh níos mó ná €80,000, i gcomparáid le 1% de chéimithe den inscne fhireann a fuair deontas. Ba iad na figiúirí comhfhreagracha do chéimithe den inscne bhaineann ná 5% do chéimithe nach bhfuair deontas agus níos lú ná 1% d’fhaighteoirí deontais.
Suíomh fostaíochta
Bhí 9% de chéimithe Eolaíochtaí Sóisialta, Iriseoireachta agus Faisnéise nach bhfuair deontas fostaithe thar lear, i gcomparáid le 7% d’fhaighteoirí deontais.
Léirítear sa chairt thuas cé acu a bhí céimí fostaithe ag obair in Éirinn nó thar lear. Sa chás seo, ba bheag difríocht idir faighteoirí deontais agus céimithe nach bhfuair deontas ó thaobh torthaí de.
Réimse Staidéir
Bhí 9% de chéimithe Eolaíochtaí Sóisialta, Iriseoireachta agus Faisnéise nach bhfuair deontas fostaithe thar lear, i gcomparáid le 7% d’fhaighteoirí deontais.
Leibhéal den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí
Bhí 7% de chéimithe Leibhéal 8 nach bhfuair deontas fostaithe thar lear, i gcomparáid le 6% d’fhaighteoirí deontais Leibhéal 8.
Inscne
Ba bheag difríocht idir na hinscní ó thaobh suíomh fostaíochta de, áit a raibh 6% de chéimithe den inscne bhaineann agus 7% de chéimithe den inscne fhireann ón dá chohórt deontais ag obair thar lear.
Ábharthacht
Mheas 68% de chéimithe den inscne bhaineann nach bhfuair deontas go raibh a gcúrsa “ábhartha” nó “an-ábhartha” dá bpost, i gcomparáid le 62% d’fhaighteoirí deontais den inscne bhaineann.
Tugtar sa chairt thuas measúnú na gcéimithe ar cé chomh hábhartha agus a bhí a gcúrsa don phost.
Réimse Staidéir
Ar fud na réimsí staidéir uile, beagnach, b’airde cion na gcéimithe nach bhfuair deontas a mheas a gcúrsa a bheith “ábhartha” nó “an-ábhartha” dá bpost ná cion na bhfaighteoirí deontais.
Leibhéal den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí
Mheas 64% de chéimithe Leibhéal 8 nach bhfuair deontas go raibh a gcúrsa “ábhartha” nó “an-ábhartha” dá bpost, i gcomparáid le 61% d’fhaighteoirí deontais.
Inscne
Mheas 68% de chéimithe den inscne bhaineann nach bhfuair deontas go raibh a gcúrsa “ábhartha” nó “an-ábhartha” dá bpost, i gcomparáid le 62% d’fhaighteoirí deontais den inscne bhaineann. Ba iad na figiúirí comhfhreagracha do chéimithe den inscne fhireann ná 68% do chéimithe nach bhfuair deontas agus 62% d’fhaighteoirí deontais.