Eolas faoin Earnáil Phoiblí



Soláthar

Foilsítear Tairiscintí Seirbhíse os cionn €50,000 ar shuíomh gréasáin r-Thairiscintí.

Bhí gach conradh ar luach measta os cionn €50,000 agus faoi bhun teorann an Aontais Eorpaigh (AE) €221,000 a fhógairt ar www.etenders.gov.ie agus bronnta i gcomhréir le Treoirlínte Soláthair Poiblí Náisiúnta.   Tá gach teorainn gan VAT san áireamh.

Chun tairiscintí éagtha agus reatha a lorg ón Údarás Ardoideachais, lean an nasc seo https://irl.eu-supply.com/ctm/Supplier/PublicTenders do chuardach ar fhógra r-Thairiscintí.

  • Reatha – Sa Leathanach Scagairí roghnaigh CUARDACH CASTA AR CHATAGÓIR agus ón roghchlár anuas an Údaráis roghnaigh Údarás Ardoideachais. Déan clic ar chuardach le breathnú ar liosta Tairiscintí oscailte reatha
  • Éagtha – lean an nós imeachta céanna ach cinntigh go ndéanann tú clic ar an mBosca cuardaigh laistigh RFT

Déantar tairiscintí móra a láimhseáil ag leibhéal náisiúnta ag Oifig Soláthair an Rialtais (OGP).  Déantar fógraíocht náisiúnta ar chonarthaí a bhronntar tríd an OGP.  I ndiaidh do chonradh a bheidh i bhfeidhm agus an tÚdaras Ardoideachais mar cheann d’eintitis conartha, beidh soláthar ó na conarthaí sin trí chreat ábhartha nó mionphróiseas iomaíochta.  Sna cásanna sin, ní féidir le HEA agus OGP comhlachtaí breise a chur leis na creata sin i ndiaidh don soláthair tosaigh a bheith críochnaithe.   Dá bharr sin, is an-tábhachtach do sholáthraithe breathnú ar r-Thairiscintí ar shuíomh Procurement.ie d’aon iomaíocht an chreata/tairisceana náisiúnta.

Ní mór do gach conarthaí le luach measta os cionn teorann AE €221,000 (gan VAT) a bheith fógartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (OJEU).  Bronntar conarthaí os cionn an teorann i gcomhréir le forálacha Treorach Soláthair Poiblí an AE 2014/24/AE.  Bhí an treoir curtha i bhfeidhm i ndlí na hÉireann ag an Aontas Eorpach (Bronnadh Conarthaí an Údaráis Phoiblí) Rialacháin (S.I. Uimh. 284 ó 2016).

HEA Procurement Policy

HEA Corporate Procurement Plan, 2023 - 2026

Public Sector Equality & Human Rights Duty Implementation Plan

Aistreofar an t-ábhar seo go luath.

HEA Public Sector Equality & Human Rights Duty Implementation Plan

Fraud Policy

Aistreofar an t-ábhar seo go luath.

HEA Fraud Policy

Sonrasc agus Íocaíochtaí

Bainfidh Rialacháin an Chomhphobail Eorpaigh (Íocaíocht Dhéanach in Idirbhirt Tráchtála) 2012 le gach íocaíochtaí.  Beidh gach sonrasc mícheart seolta ar ais i gcomhair ceartúcháin le éifeachtaí ar dháta dlite na híocaíochta.

Faoi Chinneadh an Rialtais S 29296 [1] ó 19 Bhealtaine 2009 ar Íocaíochtaí Thráthúla, tá gach ranna/oifigí an rialtais tiomanta do thréimhse íocaíochta a laghdú do sholáthraithe i gcomhair idirbhirt tráchtála ó 30 go dtí 15 lá féilire i ndiaidh sonrasc bailí a fháil, mar bhealach le deacrachtaí sreabhaidh airgid a éascú do ghnóthaí.   Tabhair faoi deara nach mbeidh Ús ar Íocaíocht Thráthúil ag fabhrú go dtí gur chuaigh 30 lá thart.

Tabhair faoi deara go n-oibríonn an tÚdaras Ardoideachais nósanna imeachta sonracha maidir le ceannachán táirgí agus seirbhísí agus íocaíochtaí dá éis.  Mar chuid de na nósanna imeachta sin, agus chun cloí le targaid íocaíochta 15 lá i gcomhair sonraisc bailí, iarrtar ar sholáthraithe a leanas a chinntiú le linn sonraisc a eisiúint:

  • Seoltar sonraisc cearta díreach chuig Cuntais Iníoctha agus ní do bhaill foirne ainmnithe go haonair
  • Soláthraítear sonraí bainc cearta
  • le cinntiú go bhfuil stádas Imréitigh Cánach le Coimisinéirí Ioncaim na hÉireann nuashonraithe.

Ní mór a leanas a bheith san áireamh le sonrasc bailí:

  • Ainm agus seoladh an ghnó nó an chomhlachta
  • Clárúchán VAT bailí nó uimhir PPS
  • Dáta sonraisc
  • Uimhir an tsonraisc
  • Méid an tsonraisc
  • Uimhir an Ordaithe Cheannaigh más cuí
  • Tugtar cur síos ar tháirgí nó seirbhísí

Seolfar sonraisc neamhbhailí ar ais chuig soláthraithe i gcomhair ceartúcháin.

Ní mór do shonrasc VAT cloí le riachtanais Ioncaim.

Próiseas Íocaíochta agus Seoltáin

Tá modh íocaíochta trí Aistriú Ciste Leictreonach (EFT).  Beidh comhairle seoltáin eisithe trí r-phoist nuair atá seoladh r-phoist ar chomhad againn, nó trí phost.

Ní dhéanfar íocaíocht i gcomhair sonraisc ach i ndiaidh do na coinníollacha thuas a bheith comhlíonta agus i ndiaidh do gach comhaontuithe nó conarthaí idir HEA agus an Soláthraí a bheith comhlíonta freisin.

Íocaíochtaí Dhéanacha

Foilsíonn an Roinn Oideachais is Scileanna fáltais cónasctha ó gach comhlacht/gníomhaireacht faoina choimirce, lena n-áirítear an tÚdaras Ardoideachais, ar bhonn ráithiúil ag an suíomh gréasáin seachtrach a leanas: https://www.education.ie/en/Publications/Corporate-Reports/Financial-Reports/Prompt-Payment-Returns/Prompt-Payment-Returns-List/

Is féidir le fáltais HEA a aimsiú faoi fo-cheannteideal “Comhlachtaí Coimirce”.

Prompt Payments Q3 2025

Prompt Payments Q2 2025

Prompt Payments Q1 2025

Prompt Payments Q4 2024

Prompt Payments Q3 2024

Prompt Payments Q2 2024

Prompt payments Q1 2024

Prompt payment Q4 2023

Prompt payment Q3 2023

Prompt payments Q2 2023

Prompt Payments Q1 2023

Prompt payment Q4 2022

Prompt payments Q3 2022

Prompt Payments Q2 2022

Prompt Payments Q1 2022

Orduithe Ceannaigh

Tá an tÚdaras Ardoideachais tiomanta do thuarascáil achoimre a fhoilsiú do gach orduithe ceannaigh ardaithe i gcomhair táirgí agus seirbhísí os cionn €20,000.  Beidh mionsonraí foilsithe go ráithiúil i riaráiste ar an leathanach seo:

Payments over €20,000 Q2 2025

Payments over €20,000 Q1 2025

Payments over €20,000 Q4 2024

Payments over €20,000 Q3 2024

Payments over €20,000 Q2 2024

Payments over €20,000 Q1 2024

Payments over €20,000 Q4 2023

Payments over €20,000 Q3 2023

Payments over €20,000 Q2 2023

Payments over €20,000 Q1 2023

HEA Purchase Orders over €20,000 Q4 2022

HEA Purchase Orders over €20,000 Q3 2022

HEA Purchase Orders over €20,000 Q2 2022

HEA Purchase Orders over €20,000 Q1 2022

HEA Purchase Orders over €20,000 Q4 2021

HEA Purchase Orders over €20,000 Q3 2021

HEA Purchase Orders over €20,000 Q2 2021

HEA Purchase Orders over €20,000 Q1 2021

HEA Purchase Orders over €20,000 Q4 2020

HEA Purchase Orders over €20,000 Q3 2020

HEA Purchase Orders over €20,000 Q2 2020

HEA Purchase Orders over €20,000 Q1 2020

HEA Purchase Orders over €20,000 Q4 2019

HEA Purchase Orders over €20,000 Q3 2019

HEA Purchase Orders over €20,000 Q2 2019

HEA Purchase Orders over €20,000 Q1 2019

HEA Purchase Orders over €20,000 Q4 2018

HEA Purchase Orders over €20,000 Q3 2018

HEA Purchase Orders over €20,000 Q2 2018

HEA Purchase Orders over €20,000 Q1 2018

HEA Purchase Orders over €20,000 Q4 2017

HEA Purchase Orders over €20,000 Q3 2017

HEA Purchase Orders over €20,000 Q2 2017

HEA Purchase Orders over €20,000 Q1 2017

HEA Purchase Orders over €20,000, 2016

HEA Purchase Orders over €20,000, 2015

HEA Purchase Orders over €20,000, 2014

HEA Purchase Orders over €20,000, 2013

HEA Purchase Orders over €20,000, 2012

Comhréireacht Chánach

Teastaíonn Deimhniú Imréitigh Cánach do gach soláthraithe ina bhfuil aistriú seilbhe bliantúil an HEA €10,000 (VAT san áireamh) nó níos mó i dtréimhse dhá mhí déag leanúnach. Beidh íocaíocht siarchoinneáilte go dtí go bhfaightear é sin.   Tá daoine neamhchónaitheacha faoi réir an riachtanais sin freisin.

Beidh Cáin Shiarchoinneálach do Sheirbhísí Ghairmiúla (PSWT) bainte as glanluach VAT le gach nótaí sonraisc/táille a bhaineann le foráil seirbhísí ghairmiúla.

Tá mionsonraí iomlán ar na riachtanais maidir le Imréitiú Cánach agus Cáin Shiarchoinneálach do Sheirbhísí Ghairmiúla (PSWT) in éineacht le foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Iarrtar ar ranna an Rialtais, gníomhaireachtaí an Stát agus comhlachtaí eile tuairisceáin bliantúla a sheoladh chuig an Ioncam.  Tá cineálacha áirithe íocaíochta as an áireamh.   Tá a thuilleadh mionsonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim faoi thuairisceáin Tríú Páirtí do ranna agus gníomhaireachtaí an Rialtais.

Faoi gach Rialacháin, ba chóir do gach roinn / comhlachtaí a dhéanann íocaíochtaí uimhreacha tagartha cánach a fháil ó sholáthraithe, le cur i dtuairisceán íocaíochtaí an rialtais.  Ní mór don Údarás Ardoideachais a chinntiú, sula n-idirghníomhaíonn sé le soláthraithe, gur chóir do gach soláthraí a uimhir tagartha cánach a sholáthar roimh aon idirghníomhaíocht.

An tAcht Um Rialachán ar Stocaireacht

Tá Acht um Rialachán ar Stocaireacht 2015 deartha chun faisnéis a sholáthar don phobal maidir le cé atá ag stocaireacht agus cad faoi.  Bhunaigh An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifig Phoiblí taifead ar líne ar stocaireacht ag www.lobbying.ie

Oifigigh Phoiblí Ainmnithe ón Údarás um Ardoideachas:

Dr Alan Wall – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

Orla Nugent – Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin

2018 Code of Conduct

Nochtú Cosanta

Aistreofar an t-ábhar seo go luath.

Internal PD Report 2024

Internal PD Report 2023

Internal PD Report 2022

Internal PD Report 2021

Internal PD Report 2020

Internal PD Report 2019

HEA Internal Protected Disclosures Policy

The Integrity At Work Pledge

Plean Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí

Plean Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí

UAO Nós Imeachta Gearain agus Aiseolais

Polasaí Iompair Míréasúnta

Polasaí Iompair Míréasúnta

The HEA has a zero-tolerance stance on bribery and corruption.

Treoirlínte um Chaomhnú Leanaí

Child Protection Guidelines HEA

Sonraí teagmhála le haghaidh fiosrúcháin Oireachtais

Is féidir le baill an Oireachtais teagmháil a dhéanamh leis an tÚdaras um Ard-Oideachas ar ríomhphost: oireachtas@hea.ie