Faighteoirí Deontais Mac Léinn: Anailís Chomhoibríoch Sonraí
2. Staitisticí ar Dhéimeagrafaic Mac Léinn
Mar atá tugtha faoi deara sa réamhrá, tá Comhaontú um Chomhroinnt Sonraí i bhfeidhm ag an ÚAO le Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), an t-údarás náisiúnta dámhachtana deontas. Tríd an gComhaontú um Chomhroinnt Sonraí, d’aistrigh SUSI sonraí chuig an ÚAO faoi fhaighteoirí deontais ón mbliain 2017/2018 go dtí an bhliain 2022/23. Áirítear leis na sonraí a aistríodh rátaí deontais mac léinn, rátaí cóngarachta agus fad ón gcoláiste.
Tugann SUSI tacaíocht do mhic léinn incháilithe i gcúrsaí ceadaithe lánaimseartha ar an leibhéal fochéime agus ar an leibhéal iarchéime. Chun críocha na tuarascála seo, nascadh tacar sonraí SUSI (2017/18 – 2022/23) le taifead an ÚAO ar rolluithe lánaimseartha (2018/19 – 2022/23) sa Chóras Taifead Mac Léinn, príomhbhunachar sonraí mac léinn agus céimithe an ÚAO. Sa rannán seo, breithnímid sonraí SUSI, amhail stádas deontais agus rátaí deontais, a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
- Inscne
- Aois
- An Institiúid Ardoideachais ar freastalaíodh uirthi
- Réimse staidéir
Is féidir na tréithe mac léinn agus cúrsaí sin a bhreithniú de réir bliain staidéir agus de réir leibhéal cláir (cláir fochéime agus iarchéime).
Cuspóir na tuarascala seo agus cur chuige anailíseach
Iarrtar ar léitheoirí aird a thabhairt ar an nóta anailíseach atá ar áireamh sa réamhrá, ina luaitear go bhfuil an tuarascáil seo leithleach ó na tuarascálacha eile laistigh den tsraith tuarascálacha seo ón taobh anailíseach de.
Is é cuspóir foriomlán na tuarascála seo measúnú a dhéanamh ar mhéid phobal faighteoirí deontais SUSI laistigh de phobal foriomlán ardoideachais an ÚAO agus ansin roinnt de na príomhghnéithe de phobal faighteoirí deontais SUSI agus den phobal nach bhfaigheann deontas SUSI a phróifíliú.
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuimsíonn an tacar sonraí san anailís seo an cohórt iomlán mac léinn a fhaigheann deontas SUSI. Ní ar áireamh san anailís atá sealbhóirí deontais eile SUSI, amhail iad sin atá sa bhreisoideachas, iad sin atá in institiúidí nach gcistíonn an ÚAO iad agus iad sin atá ag déanamh staidéir thar lear. Tá an anailís seo teoranta dóibh sin atá ag déanamh staidéar ar chúrsaí ardoideachais in institiúidí a gcistíonn an ÚAO iad.
I gcás gach bliana acadúla, nascadh gach UPSP mic léinn i dtacar sonraí SUSI leis an uimhir chéanna i dtacar sonraí Chóras Taifead Mac Léinn an ÚAO. Is é an rogha anailíseach a rinneadh anseo ná pobal ardoideachais atá chomh hiomlán agus is féidir a chur ar áireamh ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar mhéid fhoriomlán phobal faighteoirí deontais SUSI laistigh den chóras foriomlán.
Dá bhrí sin, áirítear leis an anailís sa chaibidil seo mic léinn a bhfuil sainchónaí orthu thar lear agus nach gnách go bhfaigheann siad deontas. Fágann sé sin gur leithne cuallacht mac léinn an ÚAO a bhreithnítear anseo ná an chuallacht mac léinn atá incháilithe do dheontas. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil na sonraí sa chaibidil seo nasctha ar bhonn UPSP, meastar gur mic léinn nach bhfaigheann deontas iad na mic léinn sin nach bhfuil UPSP acu nó a bhfuil UPSP neamhbhailí acu.
Dá bhrí sin, ba cheart don léitheoir na tosca sin a chur san áireamh agus aon tátal á bhaint aige/aici. Is féidir tuilleadh mionsonraí faoin gcóras deontas agus faoin modheolaíocht atá taobh thiar den tuarascáil seo a fháil ar an leathanach Modheolaíocht agus Sainmhínithe.
Príomhfhionnachtana
Tá achoimre ar na príomhfhionnachtana mar a leanas:
- Tháinig laghdú 15.5% ar an líon mac léinn lánaimseartha a fhaigheann deontas ón mbliain 2018/19 go dtí an bhliain 2022/23. Is cothrom le 12% atá an laghdú ón mbliain 2021/22 go dtí an bhliain 2022/23, áfach, agus táthar ag súil leis go dtiocfaidh méadú ar an bhfigiúr sa bhliain 2023/24.
- Tháinig laghdú ar chéatadán na mac léinn lánaimseartha a fhaigheann deontas, agus é ag titim ó 33% den chuallacht mac léinn sa bhliain 2018/19 go 26% den chuallacht mac léinn sa bhliain 2022/23.
- Is ar an leibhéal fochéime a dhámhtar deontais go príomha (95.2% de na deontais uile a dhámhtar).
- Is mic léinn den inscne bhaineann atá i bhformhór na ndámhachtaithe deontais (57%).
- Faigheann cion suntasach de mhic léinn níos sine deontas (29% de mhic léinn os cionn 30 bliain d’aois, ar fud na mblianta staidéir uile), agus cion deontas níos ísle á ndámhachtain dóibh sin atá idir 23 bliana d’aois agus 30 bliain d’aois (19%).
- Cé gurb airde an líon iomlán faighteoirí deontais in ollscoileanna traidisiúnta ná san earnáil teicneolaíochta, is airde cion na bhfaighteoirí deontais san earnáil teicneolaíochta ná in ollscoileanna traidisiúnta.
- Is airde cion na bhfaighteoirí deontais a dhéanann staidéar ar chláir Seirbhísí (fóillíocht agus fáilteachas) ná an cion a dhéanann staidéar ar chláir Eolaíochtaí Sóisialta, Iriseoireachta agus Faisnéise.
An Líon Faighteoirí Deontais Lánaimseartha
Thit an líon faighteoirí deontais idir na blianta 2018/19 (60,905 dhuine) agus 2022/23 (51,462 dhuine).
Bhí 60,905 fhaighteoir deontais lánaimseartha ann sa bhliain 2018/19. Thit an figiúr sin go 51,462 dhuine sa bhliain 2022/23.
- Iontrálaithe nua ba ea 14,378 nduine san iomlán de 51,462 fhaighteoir deontais sa bhliain 2022/23 (27.9%).
- Ba in Éirinn a bhí sainchónaí bunaidh ar fhormhór na bhfaighteoirí deontais sa bhliain 2022/23 (98.9%).
- Ba ar an leibhéal fochéime a dámhadh formhór mór na ndeontas sa bhliain 2022/23 (95.2% de na faighteoirí deontais uile).
- Mic léinn den inscne bhaineann a bhí i bhformhór na bhfaighteoirí deontais sa bhliain 2022/23 (58%).
Miondealú ar Fhaighteoirí Deontais
Fuair 33% de na mic léinn lánaimseartha uile deontas sa bhliain 2018/19, i gcomparáid le 26% sa bhliain 2022/23.
Tugtar sa rannán Modheolaíocht agus Sainmhínithe den tsraith tuarascálacha seo liosta de na cineálacha deontais atá ar fáil ó SUSI agus faoi na méideanna difriúla airgeadais a dhámhtar faoi gach cineál.
Ar an iomlán, tháinig laghdú ar chéatadán na mac léinn a fuair deontas d’aon chineál idir na blianta 2018/19 (33%) agus 2022/23 (26%).
Leagtar amach ar shuíomh Gréasáin SUSI na cineálacha deontas a fhéadfar a dhámhachtain. Is faoi dhá mhórchatagóir a thagann na deontais sin: deontais chothabhála, a chabhraíonn le mic léinn freastal ar a gcostais mhaireachtála; agus deontais táillí, a íocann táillí teagaisc agus ranníocaíocht an mhic léinn. Tá méid airgeadais an deontais atá le dámhachtain ag brath ar ioncam teaghlaigh agus ar an líon leanaí cleithiúnacha atá ag an mac léinn. Féadfar roinnt dámhachtainí deontais a dhifreáil de réir cóngarachta, rud a bhaineann leis an bhfad a chónaíonn mac léinn ar shiúl ón gcoláiste. Má chónaíonn mac léinn níos lú ná 30 km ón gcoláiste, faigheann sé/sí an ráta cóngarach; i gcásanna eile, is é an ráta neamhchóngarach a fhaigheann an mac léinn. Tugtar ar an leathanach Modheolaíocht agus Sainmhínithe tuilleadh mionsonraí faoi na cineálacha difriúla deontais agus na méideanna difriúla airgeadais a dhámhtar.
Is iad deontais Bhanda 1 an cineál deontas is coitianta a fhaigheann mic léinn. Tugtar an ráta 100% ar an deontas sin, agus soláthraíonn sé an ráta caighdeánach iomlán cothabhála agus freastalaíonn sé ar tháillí iomlána/ranníocaíocht iomlán an mhic léinn. Fuair 14% san iomlán den chuallacht mac léinn lánaimseartha (lenar áiríodh mic léinn nach bhfuair deontas) an cineál deontais sin sa bhliain 2018/19. Thit an sciar sin go 11% sa bhliain 2022/23. Ba é an deontas Ráta Speisialta an dara cineál deontais is coitianta a fuarthas. Soláthraíonn an ráta speisialta ráta speisialta cothabhála níos airde agus freastalaíonn sé ar tháillí iomlána/ranníocaíocht iomlán an mhic léinn. Fuair 9% san iomlán den chuallacht mac léinn lánaimseartha (lenar áiríodh mic léinn nach bhfuair deontas) an cineál deontais sin sa bhliain 2018/19; thit an sciar sin go 6% sa bhliain 2022/23.
Inscne agus Aois
Mic léinn den inscne bhaineann ba ea 57% de na faighteoirí deontais lánaimseartha uile ar fud na mblianta uile.
Mic léinn den inscne bhaineann ba ea 55% de na faighteoirí deontais uile sa bhliain 2018/19, agus mhéadaigh an figiúr sin go 58% sa bhliain 2022/23.
Fuair 19% de na mic léinn uile idir 23 bliana d’aois agus 30 bliain d’aois deontas. Fuair 33% san iomlán de na mic léinn uile faoi bhun 23 bliana d’aois deontas agus fuair 29% de na mic léinn uile os cionn 30 bliain d’aois deontas.
Saintréithe Deontais in Institiúidí Ardoideachais
Cé gurb airde an líon iomlán faighteoirí deontais in ollscoileanna traidisiúnta ná san earnáil teicneolaíochta, is airde cion na bhfaighteoirí deontais san earnáil teicneolaíochta ná in ollscoileanna traidisiúnta.
Is airde cion na bhfaighteoirí deontais i measc a gcuallachta mac léinn lánaimseartha in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (50%), in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne (49%) agus in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (44%) ná in institiúidí eile.
Is ísle ionadaíocht na bhfaighteoirí deontais i measc a gcuallachta mac léinn lánaimseartha i gColáiste Ríoga na Máinleá (3%), sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (15%), agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (16%) ná in institiúidí eile. Ba cheart a chuimhneamh, áfach, go bhfuil difríocht ann idir institiúidí ardoideachais maidir le sainchónaí bunaidh a gcuallachta mac léinn agus maidir leis na cláir a sholáthraíonn siad ar an leibhéal fochéime/iarchéime. Nuair a bhreithnítear mic léinn fochéime a bhfuil sainchónaí orthu in Éirinn agus na mic léinn sin amháin, mar shampla, is iad 11% de mhic léinn Choláiste Ríoga na Máinleá, 21% de mhic léinn an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus 23% de mhic léinn Choláiste na Tríonóide céatadáin na mac léinn a fhaigheann deontas.
Is in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath atá an cion is mó de shealbhóirí deontais (12% de na faighteoirí deontais uile ar fud na tíre ar fad). Is in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh an dara cion is mó de shealbhóirí deontais, áit a bhfuil 11% de na faighteoirí deontais uile ar fud na tíre ar fad.
Faighteoirí Deontais de réir Réimse Staidéir
Faighteoirí deontais is ea 44% de mhic léinn lánaimseartha Seirbhísí.
Breithnítear sa chairt seo an réimse staidéir dá ngabhann faighteoirí deontais agus mic léinn nach bhfaigheann deontas.
Is é an réimse staidéir ina bhfuil an cion is mó d’fhaighteoirí deontais le fáil ná Seirbhísí (44%), lena mbaineann cláir fóillíochta, thurasóireachta agus fáilteachais. Is iad na hEolaíochtaí Sóisialta, iriseoireacht agus faisnéis (26%) an réimse staidéir ina bhfuil an céatadán is ísle d’fhaighteoirí deontais le fáil.