
Find information on how to make a Protected Disclosure under the external procedures in place in the HEA.
Faighteoirí Deontais Mac Léinn: Anailís Chomhoibríoch Sonraí
1. Staitisticí ar Chothromas Rochtana
Mar atá tugtha faoi deara sa réamhrá, tá Comhaontú um Chomhroinnt Sonraí i bhfeidhm ag an ÚAO le Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), an t-údarás náisiúnta dámhachtana deontas. Tríd an gComhaontú um Chomhroinnt Sonraí, d’aistrigh SUSI sonraí chuig an ÚAO faoi fhaighteoirí deontais ón mbliain 2017/2018 go dtí an bhliain 2022/23. Áirítear leis na sonraí a aistríodh rátaí deontais mac léinn, rátaí cóngarachta agus fad ón gcoláiste.
Is féidir anailís ar shonraí roghnaithe ón Suirbhé ar Rochtain Chothrom do dhámhachtaithe deontais SUSI i measc Iontrálaithe Nua san Ardoideachas a rochtain i bhformáid Word agus i bhformáid PDF thíos.
Cuspóir na tuarascála seo agus cur chuige anailíseach
Iarrtar ar léitheoirí aird a thabhairt ar an nóta anailíseach atá ar áireamh sa réamhrá, ina luaitear go bhfuil an tuarascáil seo leithleach ó na tuarascálacha eile laistigh den tsraith tuarascálacha seo ón taobh anailíseach de.
Tugtar sa tuarascáil seo anailís thuairisciúil ar Iontrálaithe Nua don tréimhse 2017/18 go 2022/23, agus iad grúpáilte de réir cé acu a dámhadh nó nár dámhadh deontas SUSI dóibh, agus scrúdaítear inti athróga ó na sonraí a bailíodh sa Suirbhé ar Rochtain Chothrom don bhliain chomhfhreagrach. Cuirtear i láthair inti torthaí do na difríochtaí idir na grúpaí sna réimsí seo a leanas:
Tá sainmhíniú an ÚAO ar iontrálaithe nua mar a leanas:
Toisc thábhachtach don anailís ar shonraí suirbhé, amhail an Suirbhé ar Rochtain Chothrom, is ea an ráta freagartha foriomlán ar an suirbhé (an ráta aonaid neamhfhreagartha), an ráta freagartha ar cheisteanna aonair sa suirbhé (an ráta ítime neamhfhreagartha), agus aon difríochtaí córasacha idir an dá ghrúpa ina leith sin. Ba cheart aon difríochtaí den sórt sin a chur san áireamh agus na torthaí á léirmhíniú, toisc go bhféadfadh rátaí freagartha difreálacha dul i bhfeidhm ar an tátal is féidir a bhaint as na torthaí.
Úsáidtear an Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) mar bhonn le haghaidh sonraí a nascadh idir tacar sonraí an ÚAO agus tacar sonraí SUSI. Ba cheart do léitheoirí a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil UPSP ag na mic léinn uile seo. Is mic léinn a bhfuil sainchónaí orthu thar lear atá i bhformhór na mac léinn sin nach bhfuil UPSP acu.
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuimsíonn an tacar sonraí san anailís seo an cohórt iomlán mac léinn a fhaigheann deontas SUSI. Ní ar áireamh san anailís atá sealbhóirí deontais eile SUSI, amhail iad sin atá sa bhreisoideachas, iad sin atá in institiúidí nach gcistíonn an ÚAO iad agus iad sin atá ag déanamh staidéir thar lear. Tá an anailís seo teoranta dóibh sin atá ag déanamh staidéar ar chúrsaí ardoideachais in institiúidí a gcistíonn an ÚAO iad. Is féidir tuilleadh mionsonraí faoin gcóras deontas agus faoin modheolaíocht atá taobh thiar den tuarascáil seo a fháil ar an leathanach Modheolaíocht agus Sainmhínithe.
Príomhfhionnachtana
Tá achoimre ar na príomhfhionnachtana tugtha mar a leanas: