HEA Corporate Strategic Plan 2027–2030: Consultation



The Higher Education Authority (HEA) is seeking your views on Strategic Themes and Priorities for the new HEA Corporate Strategic Plan 2027–2030, which will be published in early 2027. The Plan, which will build on the achievements of the Corporate Strategic Plan 2023–2026 (pdf), will set out the HEA’s ambitions for 2027–2030 in line with the provisions of the Higher Education Authority Act 2022. The existing Plan identifies four Strategic Themes that reflect the HEA mission to fund, develop, regulate, and to advise on sectoral growth arising from the Functions of the HEA. A fifth theme ‘HEA as an Organisation’ reflects the capacity of the HEA to deliver on its mission.

A Background Paper – Strategic Directions: Future Challenges and Considerations presenting future scenarios for the Sector over the coming decades has been prepared to facilitate your response to the areas raised in our consultation survey. The Background Paper and Survey are available below. The survey questions are also available to preview below.

The HEA looks forward to engaging with the Sector on the development of the new Plan and welcomes your views on its Strategic Themes and Priorities from 2027-2030.

The closing date for responses to the consultation is midday on 29 June.

In the event of any queries on the consultation, these should be directed to: corporate.strategy@hea.ie

Thank you. We look forward to receiving your submission.

HEA Background Paper 2026

Survey Questions

Consultation Survey

 Data Protection and Confidentiality

All submissions will be processed in accordance with the General Data Protection Regulation (GDPR) and the Freedom of Information Act 2014.

In terms of data protection, information submitted will be used only for this consultation.

Please note:

  • The HEA may publish submissions on its website and other material.
  • Personal data will be handled in line with the HEA Privacy Notice.
  • Respondents in this consultation are requested not to include personal data where it is not specifically sought. The data collection notice is available on our Data Protection page.

Plean Straitéiseach Corparáideach HEA 2027–2030: Comhairliúchán



Tá an tÚdarás um Ard-Oideachas (UAO) ag lorg do thuairimí maidir le Téamaí Straitéiseacha agus Tosaíochtaí don Phlean Straitéiseach Corparáideach nua ÚAO 2027–2030, a fhoilseofar go luath in 2027. Déanfaidh an Plean, a thógfaidh ar éachtaí an Phlean Straitéisigh Chorparáidigh 2023–2026 (pdf), uaillmhianta an ÚAO don tréimhse 2027–2030 a leagan amach de réir fhorálacha Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 2022. Aithnítear sa Phlean reatha ceithre Théama Straitéiseacha a léiríonn misean an HEA chun maoiniú a chur ar fáil, forbairt a chothú, rialáil a dhéanamh, agus comhairle a thabhairt maidir le fás earnála a eascraíonn as feidhmeanna an ÚAO. Léiríonn cúigiú téama, dar teideal “ÚAO mar Eagraíocht”, acmhainn an ÚAO chun a mhisean a chur i gcrích.

Tá Páipéar Cúlra – Treonna Straitéiseacha: Dúshláin agus Bhreithniúcháin don Todhchaí – ullmhaithe, ina gcuirtear i láthair cásanna féideartha don Earnáil sna blianta amach romhainn, chun cabhrú leat freagra a thabhairt ar na hábhair a ardaítear inár suirbhé comhairliúcháin. Tá an Páipéar Cúlra agus an Suirbhé ar fáil thíos. Tá réamhamharc ar cheisteanna an tsuirbhé thíos freisin.

Tá an UAO ag tnúth le dul i dteagmháil leis an Earnáil maidir le forbairt an Phlean nua agus fáiltíonn sé roimh do thuairimí ar a Théamaí Straitéiseacha agus ar a Thosaíochtaí don tréimhse 2027–2030.

Is é meán lae an 29 Meitheamh an dáta deiridh le haghaidh freagraí ar an gcomhairliúchán.

I gcás aon fhiosrúchán faoin gcomhairliúchán, ba chóir iad seo a chur chuig: corporate.strategy@hea.ie

Go raibh maith agat. Táimid ag tnúth le d’aighneacht a fháil.

Páipéar Cúlra don Údarás um Ard-Oideachas 2026

Survey Questions (As Gaeilge)

Suirbhé Comhairliúcháin

Cosaint Sonraí agus Rúndacht

Déanfar gach aighneacht a phróiseáil de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus Acht na Saoirse Faisnéise 2014.

Maidir le cosaint sonraí, úsáidfear an fhaisnéis a chuirfear isteach chun críocha an chomhairliúcháin seo amháin.

Tabhair faoi deara le do thoil:

  • Féadfaidh an UAO aighneachtaí a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus in ábhar eile.
  • Déileálfar le sonraí pearsanta i gcomhréir le Fógra Príobháideachta an UAO.
  • Iarrtar ar fhreagróirí sa chomhairliúchán seo gan sonraí pearsanta a chur san áireamh mura n-iarrtar go sonrach iad. Tá an fógra maidir le bailiú sonraí ar fáil ag Data Protection.