
Find information on how to make a Protected Disclosure under the external procedures in place in the HEA.
Faighteoirí Deontais Mac Léinn: Anailís Chomhoibríoch Sonraí
Réamhrá
Imríonn an ÚAO ról ceannasach maidir le comhoibriú cuiditheach torthúil a chothú ar fud na hearnála ardoideachais agus le geallsealbhóirí náisiúnta eile. Tríd an gcomhoibriú sin, cumasaítear dúinn léargais a ghiniúint ó gach cuid den chóras ardoideachais chun an bonn fianaise a leathnú agus a neartú le haghaidh forbairt agus idirghabhálacha beartais. Comhroinneann an ÚAO sonraí leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, leis an Roinn Oideachais, le Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann agus le SOLAS cheana féin. Tháinig na tuarascálacha seo a leanas as Comhaontú um Chomhroinnt Sonraí atá i bhfeidhm le Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), an t-údarás náisiúnta dámhachtana deontas. Is féidir linn na sonraí seo a úsáid chun déimeagrafaic, dul chun cinn agus torthaí na bhfaighteoirí deontais a chur i gcomparáid le chéile, agus iad sin a chur i gcomparáid le mic léinn nach bhfuair deontas, ionas gur féidir linn cúnamh agus tacaíocht níos fearr a thabhairt i leith déanamh beartas ar fud an chórais tríú leibhéal. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár gcuid comhghleacaithe in SUSI as a gcuid ionchuir agus saineolais.
Tugann SUSI tacaíocht do mhic léinn incháilithe i gcúrsaí ceadaithe lánaimseartha ar an leibhéal fochéime agus ar an leibhéal iarchéime. Leagtar amach ar shuíomh Gréasáin SUSI na cineálacha deontas a fhéadfar a dhámhachtain. Is faoi dhá mhórchatagóir a thagann na deontais sin: deontais chothabhála, a chabhraíonn le mic léinn freastal ar a gcostais mhaireachtála; agus deontais táillí, a íocann táillí teagaisc agus ranníocaíocht an mhic léinn. Tá méid airgeadais an deontais atá le dámhachtain ag brath ar ioncam teaghlaigh agus ar an líon leanaí cleithiúnacha atá ag an mac léinn. Féadfar roinnt dámhachtainí deontais a dhifreáil de réir cóngarachta, rud a bhaineann leis an bhfad a chónaíonn mac léinn ar shiúl ón gcoláiste. Má chónaíonn mac léinn níos lú ná 30 km ón gcoláiste, faigheann sé/sí an ráta cóngarach; i gcásanna eile, is é an ráta neamhchóngarach a fhaigheann an mac léinn. Tugtar sa rannán Modheolaíocht agus Sainmhínithe den tsraith tuarascálacha seo tuilleadh mionsonraí faoi na cineálacha difriúla deontais agus na méideanna difriúla airgeadais a dhámhtar.
Tríd an gComhaontú um Chomhroinnt Sonraí, d’aistrigh SUSI sonraí chuig an ÚAO faoi fhaighteoirí deontais ón mbliain 2017/2018 go dtí an bhliain 2022/23. Áirítear leis na sonraí a aistríodh rátaí deontais mac léinn, rátaí cóngarachta agus fad ón gcoláiste. Is é an aidhm atá leis an socrú um chomhroinnt sonraí anailís a dhéanamh ar shaolré an mhic léinn, idir iontráil agus thorthaí iarchéime, a mhéid a bhaineann le stádas deontais. Dá bhrí sin, tugtar tuairisc ar cheithre anailís ar leith anseo:
Breithnítear sa chéad dá thuarascáil (cothromas rochtana agus déimeagrafaic mac léinn) stádas deontais na cuallachta mac léinn de réir saintréithe pearsanta (amhail aois, inscne, míchumas, eitneacht) agus saintréithe cúrsa (an institiúid ardoideachais ar freastalaíodh uirthi agus an réimse staidéir). Breithnítear neamhdhul chun cinn sa tríú tuarascáil (neamhdhul chun cinn), ina dtomhaistear a mhéid a éiríonn mic léinn as a n-institiúid idir an chéad bhliain agus an dara bliain. Ar deireadh, breithnítear sa cheathrú tuarascáil (Torthaí Céimithe) na torthaí do chéimithe naoi mí tar éis dóibh céim a bhaint amach de réir stádas deontais, lena n-áirítear torthaí fostaíochta agus torthaí staidéir bhreise.
Nóta Anailíseach
Is ann do roinnt saincheisteanna modheolaíocha agus anailíseacha ba cheart don léitheoir a chur san áireamh.
Ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuimsíonn na tacair sonraí san anailís seo an cohórt iomlán mac léinn a fhaigheann deontas SUSI. Ní ar áireamh san anailís atá sealbhóirí deontais eile SUSI, amhail iad sin atá sa bhreisoideachas, iad sin atá in institiúidí nach gcistíonn an ÚAO iad agus iad sin atá ag déanamh staidéir thar lear. Tá an anailís seo teoranta dóibh sin atá ag déanamh staidéar ar chúrsaí ardoideachais in institiúidí a gcistíonn an ÚAO iad.
Ar an dara dul síos, is leithleach atá gach ceann de na tuarascálacha seo, agus ní ionann an cur chuige a glacadh i leith nascadh sonraí, an cur chuige anailíseach ná an cur i láthair dóibh ar dhá phríomhchúis:
Ba cheart don léitheoir a chuimhneamh, mar sin, gur tuarascálacha leithleacha iad na ceithre thuarascáil seo ón taobh anailíseach de. An tráth céanna, trí na tuarascálacha a chur i láthair le chéile, táthar ag iarraidh tacú leis na hinstitiúidí ardoideachais agus leis an lucht déanta beartas trí léargas atá chomh hiomlán agus is féidir a thabhairt ar fhaighteoirí deontais mac léinn agus leas á bhaint as na sonraí uile atá ar fáil ón ÚAO.
Is féidir gach tuarascáil, mar aon le leathanach ‘Modheolaíocht agus Sainmhínithe’, a rochtain trí chliceáil ar an gcnaipe iomchuí ar thaobh na láimhe deise den leathanach.