
Find information on how to make a Protected Disclosure under the external procedures in place in the HEA.
Faighteoirí Deontais Mac Léinn: Anailís Chomhoibríoch Sonraí
3. Anailís ar Neamhdhul Chun Cinn
Mar atá tugtha faoi deara sa réamhrá, tá Comhaontú um Chomhroinnt Sonraí i bhfeidhm ag an ÚAO le Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), an t-údarás náisiúnta dámhachtana deontas. Tríd an gComhaontú um Chomhroinnt Sonraí, d’aistrigh SUSI sonraí chuig an ÚAO faoi fhaighteoirí deontais ón mbliain 2017/2018 go dtí an bhliain 2022/23. Áirítear leis na sonraí a aistríodh rátaí deontais mac léinn, rátaí cóngarachta agus fad ón gcoláiste.
Is féidir anailís ar dhámhachtaithe deontais SUSI i measc Iontrálaithe Nua san Ardoideachas agus ar a dtorthaí neamhdhul chun cinn, 2017/18 go 2021/22, a rochtain i bhformáid Word agus i bhformáid PDF thíos. Áirítear leis an tuarascáil seo díriú ar an mbliain 2021/22, ina ndéantar measúnú ar ról na dtosca difriúla cúlra mac léinn maidir le difríochtaí i dtorthaí neamhdhul chun cinn a mhíniú bunaithe ar cé acu a fuair mic léinn deontas SUSI nó nach bhfuair.
Cuspóir na tuarascála seo agus cur chuige anailíseach
Iarrtar ar léitheoirí aird a thabhairt ar an nóta anailíseach atá ar áireamh sa réamhrá, ina luaitear go bhfuil an tuarascáil seo leithleach ó na tuarascálacha eile laistigh den tsraith tuarascálacha seo ón taobh anailíseach de.
Is é cuspóir na tuarascála seo scrúdú a dhéanamh ar thorthaí neamhdhul chun cinn i measc na nIontrálaithe Nua ar dámhadh deontas SUSI dóibh agus comparáid a dhéanamh idir an grúpa sin agus Iontrálaithe Nua nach bhfuair deontas SUSI.
Úsáidtear an téarma ‘neamhdhul chun cinn’ chun a chur in iúl cé acu a athrollaíonn Iontrálaithe Nua san Ardoideachas in Éirinn ag a n-institiúid sa dara bliain, agus tá sé ina shlat tomhais thábhachtach le haghaidh torthaí luatha do mhic léinn atá ag tosú ar an Ardoideachas a ghabháil. Tá an ÚAO ag foilsiú anailís fhairsing mhionsonraithe ar neamhdhul chun cinn leis na blianta. D’fhoilsigh sé anailís le déanaí le haghaidh na bliana is déanaí atá ar fáil, eadhon mic léinn a thosaigh a n-aistear Ardoideachais sa bhliain 2021/22.
I gcás na hAnailíse ar Neamhdhul Chun Cinn, tá sainmhíniú an ÚAO ar iontrálaithe nua mar a leanas:
Sanntar “táscaire neamhdhul chun cinn” do gach mac léinn freisin, rud lena léirítear dul chun cinn an mhic léinn, nó neamhdhul chun cinn an mhic léinn, ón gcéad bhliain go dtí an dara bliain. Úsáidtear an Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) mar bhonn le haghaidh sonraí a nascadh idir tacar sonraí an ÚAO agus tacar sonraí SUSI. Ba cheart do léitheoirí a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil UPSP ag na mic léinn uile seo. Is mic léinn a bhfuil sainchónaí orthu thar lear atá i bhformhór na mac léinn sin nach bhfuil UPSP acu.
Sa tuarascáil seo, tugaimid tuairisc ar an sampla trí líonta agus trí chomhréireanna, ag léiriú difríochtaí idir an dá ghrúpa i dtosca a bhaineann lena sochdhéimeagrafaic, lena gcuid roghanna agus imthosca Ardoideachais, agus lena scolaíocht chúlra, lena n-áirítear gnóthachtáil pointí Ardteistiméireachta.
Déanaimid achoimre ar an treocht cúig bliana agus tugaimid tuairisc níos mine ar an gcohórt is déanaí, mar atá Iontrálaithe Nua 2021/22. Leis na difríochtaí sna saintréithe sin idir iad sin ar dámhadh deontas SUSI dóibh agus nár dámhadh deontas SUSI dóibh, soláthrófar treoir le haghaidh a dtorthaí Ardoideachais a léirmhíniú.
Tugaimid tuairisc ansin ar na torthaí neamhdhul chun cinn do na grúpaí thar chúig bliana agus scrúdaímid freisin na torthaí do chineálacha difriúla dhámhachtainí deontais SUSI. Sa rannán deireanach, tugaimid aird ar an mbliain 2021/22 agus déanaimid measúnú ar ról na dtosca difriúla cúlra mac léinn maidir le difríochtaí i dtorthaí neamhdhul chun cinn a mhíniú bunaithe ar cé acu a fuair mic léinn deontas SUSI nó nach bhfuair. Baintear é sin amach trí shamhaltú cúlchéimnithe lóistiúil dhénártha ilathráidigh, áit a gcuirtear gach ceann de na tosca cúlra leis go hordúil chun a n-éifeacht ar an ngaol idir dámhachtain SUSI a fháil agus an dóchúlacht nach ndéanfar dul chun cinn a thabhairt ar leithligh.
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuimsíonn an tacar sonraí san anailís seo an cohórt iomlán mac léinn a fhaigheann deontas SUSI. Ní ar áireamh san anailís atá sealbhóirí deontais eile, amhail iad sin atá sa bhreisoideachas, iad sin atá in institiúidí nach gcistíonn an ÚAO iad agus iad sin atá ag déanamh staidéir thar lear. Tá an anailís seo teoranta dóibh sin atá ag déanamh staidéar ar chúrsaí ardoideachais in institiúidí a gcistíonn an ÚAO iad.
Ina theannta sin, ba cheart do léitheoirí a thabhairt faoi deara gurb é sainmhíniú an ÚAO ar neamhdhul chun cinn an sainmhíniú a bhreithnítear sa tuarascáil seo, rud nach ionann é agus sainmhíniú SUSI: ní mór iarratasóir ar dheontas SUSI a mheas a bheith ag dul chun cinn ina c(h)uid oideachais chun a bheith incháilithe do dheontas, cibé acu trí bhogadh ó bhliain amháin go dtí an chéad bhliain eile nó trí dhul chun cinn ina leibhéal oideachais, i.e., Clár Iar-Ardteistiméireachta → Clár Fochéime → Clár Iarchéime.
Is féidir tuilleadh mionsonraí faoin gcóras deontas agus faoin modheolaíocht atá taobh thiar den tuarascáil seo a fháil ar an leathanach Modheolaíocht agus Sainmhínithe.
Príomhfhionnachtana
Tá achoimre ar na príomhfhionnachtana tugtha mar a leanas: