Iarratas a Dhéanamh – Is féidir iarratais a dhéanamh anois ag an nasc seo.
Ní mór do gach iarrthóir an fhoirm iarratais a líonadh agus achoimre (300 focal ar a mhéad) a scríobh agus chun iarratas a dhéanamh.
Imlíne
- Spriocdháta le haghaidh iarratas: 30 Deireadh Fómhair 2025
- Ceardlann Ullmhúcháin: 13 Samhain 2025 (ar Zoom)
- Oíche an Chomórtais: 27 Samhain 2025 (Baile Átha Cliath – Ionad Ché an Adhmaid)
An Comórtas
Tá cúig nóiméad go díreach ag gach mac léinn cur i láthair a dhéanamh faoina gcuid oibre do lucht féachana ar bhealach bríomhar, gonta, agus atá sothuigthe don ghnáthphobal. Déanfar na rannpháirtithe a mheas de réir an gcritéar seo a leanas:
- Éirionn leis an duine an t-ábhar a mhíniú ar bhealach atá oiriúnach don phobal i gcoitinne.
- Cuirtear i láthair na modhanna taighde agus cur chuige an taighdeora ar bhealach sothuigthe.
- Baintear tairbhe as an teicneolaíocht chun an taighde a mhíniú.
- Mínítear go soiléir na luachanna a bhaineann leis an taighde.
- Scileanna Cumarsáide: glór, foclaíocht, foghraíocht, cumas cainte srl.
Rialacha
Cáilitheacht
Chun páirt a ghlacadh sa chomórtas, ní mór d’iarrthóirí a bheith cláraithe mar mhac léinn iarchéime in insitiúid ardoideachais ar oileán na hÉireann sa bhliain acadúil i mbliana (2025/2026). Glactar freisin le daoine a bhí cláraithe mar mhac léinn iarchéime in institiúid ardoideachais ar oileán na hEireann anuraidh (bliain acadúil 2024/2025). Tá an comórtas seo oscailte do mhic léinn ó gach réimse taighde chomh fada agus go bhfuil siad in ann an cur i láthair a dhéanamh i nGaeilge amháin.
An Cur i Láthair ó Bhéal
- Caithfear gach mac léinn a chur i láthair a dhéanamh i nGaeilge amháin.
- Is féidir leis na rannpháirtithe sleamhnáin (cur i láthair powerpoint) a úsáid ach ní cheadaítear aon fhuaim ar na sleamhnáin.
- Ní mór don teacs ar na sleamhnáin a bheith i nGaeilge amháin.
- Is féidir teidil an cur i láthair a bheith éagsúil ó theideal an tráchtais chun freastal cuí a dhéanamh ar an lucht féachana.
Roghnúchán
Déanfar na n-iarratas a mheas gan ainmneacha a bheith luaite leo. Roghnófar na rannpháirtithe bunaithe ar an méid seo a leanas:
- Oiriúnacht an ábhair i gcomhar gnáthdhaoine
- Caighdeán na scríbhneoireachta
- Soiléireacht na teachtaireachta
- Luachanna na taighde a léiriú
Roghnófar deichniúir (10) a bheith páirteach ar an oíche. Clúdofar costais taistil agus chothaithe na rannpháirtithe chomh maith.
Duaiseanna
- Bronnfar duaiseanna airgid i gcomhar céad áit, dara áit agus triú áit.
- Léaráidí den tráchtas ó mhaisitheoir gairimiúil, leathanach amháin de ghreannán, i gcomhar céad áit, dara áit agus triú áit.
Tuilleadh Sonraí
Má tá aon cheist agat, déan teagmháil leis an Dr Jack Gleeson ( jgleeson@hea.ie )