Faighteoirí Deontais Mac Léinn: Anailís Chomhoibríoch Sonraí

Brollach



Tosaíocht beartais don Údarás um Ard-Oideachas (ÚAO) is ea cothromas rochtana ar an ardoideachas. Tá an tiomantas sin do chothromas rochtana leabaithe sa Phlean Gníomhaíochta Straitéiseach um Chothromas Rochtana, Rannpháirtíocht agus Rath san Ardoideachas 2022–2028 (‘an Plean Rochtana Náisiúnta’). Leis an bPlean sin, cuirtear leis an bhfís a leagadh amach i bpleananna roimhe sin go mbeadh pobal mac léinn níos cuimsithí agus níos éagsúla ann san ardoideachas. Ba cheart rochtain ar an ardoideachas a bheith neamhspleách ar chúlra socheacnamaíoch, ar eitneacht, ar inscne, ar shuíomh geografach, ar mhíchumas agus ar imthosca eile. Is é uaillmhian an Phlean go mbeidh an chuallacht mac léinn a théann isteach san ardoideachas, a ghlacann páirt san ardoideachas agus a chríochnaíonn an t-ardoideachas ag teacht le héagsúlacht agus meascán sóisialta phobal na hÉireann agus go mbeidh institiúidí ardoideachais ina dtimpeallachtaí atá cuimsitheach, a bhfuil dearadh uilíoch orthu, a chothaíonn rath agus torthaí mac léinn, agus atá freagrúil do na riachtanais atá ag mic léinn agus ag mórphobail.

Buntaca leis an bPlean Rochtana Náisiúnta is ea sé sprioc atá dírithe ar an mac léinn – Cuimsitheacht, Solúbthacht, Soiléire, Comhleanúnachas agus Inbhuanaitheacht, agus Cur Chuige atá Bunaithe ar Fhianaise atá taobh thiar de gach ceann díobh. Dírítear i gCuspóirí 6.1 agus 6.2 den Phlean ar bhonn fianaise a fhorbairt le haghaidh rochtain chuimsitheach, rannpháirtíochta agus ratha chun bonn eolais a chur faoi phleanáil beartais amach anseo agus faoi mheastóireacht agus faireachán ar an tionchar a imríonn tionscnaimh rochtana agus chuimsithe. Comhpháirt ríthábhachtach de na cuspóirí sin is ea sonraí a nascadh ar fud tacair sonraí oideachais éagsúla in Éirinn.

Tacaíonn Aonad Staitisticí an ÚAO le hobair an Bheartais Rochtana trí anailís a dhéanamh ar shonraí faoi mhic léinn grúpa tosaíochta agus tríd an dul chun cinn ar spriocanna an Phlean Rochtana Náisiúnta a chomhlíonadh a thomhas. Chuir an ÚAO sonraí mionsonraithe faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch le chéile cheana féin trí Scóir Innéacs Díothachta a ríomh, rud ina gcuirtear san áireamh rachmas nó míbhuntáiste coibhneasta an limistéir ina gcónaíonn an mac léinn.  Cuireadh sonraí eile faoi mhíchumas le chéile i staitisticí ón ÚAO freisin, lena n-áirítear próifílí mac léinn a bhfuil míchumas orthu agus torthaí iarchéime do chéimithe a bhfuil míchumas orthu.

Is ionann an tuarascáil is déanaí seo agus an toradh ar thionscadal comhoibríoch ina ndearnadh anailís sonraí ar dhaoine a fuair Deontas Mac Léinn SUSI agus ina scrúdaítear saolré an mhic léinn, idir iontráil agus thorthaí iarchéime, a mhéid a bhaineann le stádas deontais. Agus ceithre anailís ar leith ar áireamh inti, tá sé mar aidhm leis an tuarascáil seo feabhas a chur ar an dóigh a ngabhtar faisnéis agus a ndéantar anailís uirthi ó thaobh beartais de chun bonn eolais a chur faoi smaointeoireacht chriticiúil agus faoi chinnteoireacht laistigh den suíomh oideachais threasaigh. Agus aghaidh á tabhairt ar na laigí reatha sa raon, saibhreofar leis na hanailísí seo sonraí láithreacha SUSI trí iad a nascadh leis an gCóras Taifead Mac Léinn, leis an Suirbhé ar Rochtain Chothrom agus leis an Suirbhé ar Thorthaí Céimithe de chuid an ÚAO. Toradh eile a bheidh ar na sonraí seo is ea go gcabhrófar le hinstitiúidí ardoideachais agus le scéimeanna um rochtain ar an ardoideachas (amhail scéimeanna HEAR agus DARE) trí shraith nua sonraí a sholáthar chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht.

I gcás an lucht déanta beartas, agus mar chuid den chur chuige uile-Rialtais atá leagtha amach sa Phlean Rochtana Náisiúnta, is é an toradh a bheidh ar na hanailísí seo go gcabhrófar le breithniú a dhéanamh ar thuilleadh idirghabhálacha nó cineálacha cur chuige beartais a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun tacú le mic léinn atá faoi thearcionadaíocht san ardoideachas. Ina theannta sin, déanfar athbhreithniú lár téarma ar an bPlean Rochtana Náisiúnta sa bhliain 2025 chun go mbeifear in ann beachtú spriocanna agus táscairí a bhreithniú tuilleadh, agus aird á tabhairt ar thorthaí an dara Plean Sonraí do Chothromas Rochtana ar an Ardoideachas agus ar fhoinsí sonraí breisithe.