
Find information on how to make a Protected Disclosure under the external procedures in place in the HEA.
Príomhfhionnachtana
Is é is an Suirbhé ar Thorthaí Céimithe ann ná suirbhé bliantúil atá ionadaíoch go náisiúnta ar chéimithe ar fud an chórais ardoideachais (chun liosta iomlán d’institiúidí a fheiceáil, féach na Mionsonraí Teagmhála).
Déantar suirbhé ar chéimithe naoi mí tar éis bhronnadh a gcéime. I gcás Rang na bliana 2024, dáileadh an suirbhé in earrach/samhradh na bliana 2025. Is iad na hinstitiúidí iad féin a chinneann an t-uainiú beacht. Bhí dáta áirimh amháin ann, mar a bhí an 31 Márta 2025.
Gach bliain, is ionann agus thart ar 50% an ráta freagartha ar an Suirbhé ar Thorthaí Céimithe.
Táirgtear deais “Ár Sonraí a Rochtain” i riocht deaise idirghníomhaí. Leis an deais sin, éascaítear tuilleadh anailíse agus fionnachtana.
Tá deais “Sonraí ar leibhéal na hInstitiúide a Rochtain” ar fáil freisin. Fiosraítear ar an deais sin an príomhcheann scríbe céimithe de réir an chineáil cláir agus na torthaí fostaíochta d’fhochéimeanna onóracha le haghaidh gach institiúide ardoideachais.
Níl aon sonraí ar fáil le haghaidh Rang na bliana 2019 toisc gur thit uainiú an tsuirbhé amach i gcomhthráth le tús phaindéim COVID-19. Dá bhrí sin, is iad Ranganna na mblianta 2017-2018 agus na mblianta 2020-2024 na blianta atá ar fáil.
An Cohórt Céimithe
An Príomhcheann Scríbe (na céimithe uile)
Céimithe leibhéil 6 agus 7
Fochéimeanna Onóracha
Céimithe Iarchéimeanna Múinte
Céimithe Iarchéimeanna Taighde
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil inár sonraí ar leibhéal naInstitúidí tríd an nasc seo a leanas a leanúint – Aguisín (GO 2024).