Príomhfhionnachtana



  • Cad is an Suirbhé ar Thorthaí Céimithe ann?

    Is é is an Suirbhé ar Thorthaí Céimithe ann ná suirbhé bliantúil atá ionadaíoch go náisiúnta ar chéimithe ar fud an chórais ardoideachais (chun liosta iomlán d’institiúidí a fheiceáil, féach na Mionsonraí Teagmhála).

    Déantar suirbhé ar chéimithe naoi mí tar éis bhronnadh a gcéime. I gcás Rang na bliana 2023, dáileadh an suirbhé in earrach/samhradh na bliana 2024. Is iad na hinstitiúidí iad féin a chinneann an t-uainiú beacht. Bhí dáta áirimh amháin ann, mar a bhí an 31 Márta 2024.

    Gach bliain, is ionann agus thart ar 50% an ráta freagartha ar an Suirbhé ar Thorthaí Céimithe.

    Táirgtear deais “Ár Sonraí a Rochtain” i riocht deaise idirghníomhaí. Leis an deais sin, éascaítear tuilleadh anailíse agus fionnachtana.

    deais “Sonraí ar leibhéal an ÚAO a Rochtain” ar fáil freisin. Fiosraítear ar an deais sin an príomhcheann scríbe céimithe de réir an chineáil cláir agus na torthaí fostaíochta d’fhochéimeanna onóracha le haghaidh gach institiúide ardoideachais.

    Níl aon sonraí ar fáil le haghaidh Rang na bliana 2019 toisc gur thit uainiú an tsuirbhé amach i gcomhthráth le tús phaindéim COVID-19.  Dá bhrí sin, is iad Ranganna na mblianta 2017-2018 agus na mblianta 2020-2023 na blianta atá ar fáil.

An Cohórt Céimithe

  • 70,852 chéimí (55.0den inscne bhaineann; 45.0% den inscne fhireann)
  • Is iad Gnó, Riarachán agus Dlí (25.1%), Sláinte agus Leas (15.6%) agus Ealaíona agus Daonnachtaí (11.5%) na réimsí staidéir is coitianta.
  • Bhain 50.2% de chéimithe céim amach as cláir Fochéime Onóracha; bhain 27.6% díobh céim amach as cláir Máistreachta Múinte.
  • Is é 49.3% an ráta freagartha foriomlán.

An Príomhcheann Scríbe (na céimithe uile)

  • Ar an iomlán, tá 80.2% de chéimithe i mbun fostaíochta naoi mí tar éis dóibh a gcéim a bhaint amach (síos ó 83.0% i gcás Rang na bliana 2022 agus ó 81.9% i gcás Rang na bliana 2021). Is airde an fhostaíocht i gcás céimithe Oideachais (90.3%) agus is ísle í i gcás céimithe Ealaíon agus Daonnachtaí (64.5%).
  • 10.9% de chéimithe i mbun staidéar breise naoi mí tar éis dóibh a gcéim a bhaint amach (suas ó 10.2% i gcás Rang na bliana 2022 agus síos ó 11.9% i gcás Rang na bliana 2021).  Maidir leis an gcion atá ag tabhairt faoi staidéar breise, is airde é i gcás céimithe Ealaíon agus Daonnachtaí (21.0%) agus céimithe Eolaíochtaí Nádúrtha, Matamaitice agus Staidrimh (17.0%) agus is ísle é i gcás céimithe Faisnéise agus Cumarsáide (5.2%).
  • De réir figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, bhí an Ráta Dífhostaíochta Míosúil ag 4.3% i Márta 2024 nuair a rinneadh suirbhé ar na céimithe. Mar sin féin, bhí an ráta do dhaoine a bhí idir 15-24 bliana d’aois (an Ráta Dífhostaíochta i measc na hÓige) ag 10.5%.
  • Tháinig méadú ar an dífhostaíocht ó 4.4% i gcás Rang na bliana 2022 go 6.5% i gcás Rang na bliana 2023. Ba é 8.1% an figiúr i gcás Rang na bliana 2020.
  • Maidir leis an líon céimithe atá ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eile amhail an taisteal nó an obair dheonach nó atá gafa le dualgais bhaile, tháinig méadú beag air ó 2.3% i gcás rang na bliana 2022 go 2.5% i gcás Rang na bliana 2023.
  • Céimithe Fochéimeanna

    Céimithe leibhéil 6 agus 7

    • 6,717 gcéimí (42.5% den inscne bhaineann; 57.5% den inscne fhireann)
    • 55.1% de chéimithe i mbun staidéar breise, agus tá 40.1% díobh i mbun fostaíochta, naoi mí tar éis dóibh a gcéim a bhaint amach.
    • De na céimithe sin atá i mbun fostaíochta, tá conarthaí buana nó neamhiata ag 83.4%.
    • Chuir 57.1% de chéimithe leibhéil 6 agus 7 a bhí i mbun fostaíochta in iúl go raibh a gcáilíocht ina ceanglas foirmiúil le haghaidh a bpoist.
    • De na céimithe a bhí toilteanach lena dtuarastal a chur in iúl, bhí 53.8% díobh ag tuilleamh suas le €39,999 agus bhí 46.1% díobh ag tuilleamh níos mó ná €40,000. Ní raibh 23.4% de chéimithe toilteanach lena dtuarastal a chur in iúl.

    Fochéimeanna Onóracha

    • 35,560 céimí (56.6% den inscne bhaineann; 43.4% den inscne fhireann)
    • Tá níos mó ná trí cheathrú de chéimithe i mbun fostaíochta naoi mí tar éis dóibh a gcéim a bhaint amach (76.5%), síos ó 77.2% sa bhliain 2022 agus suas ó 75.8% sa bhliain 2021. Tháinig laghdú ar an gcion de chéimithe a bhí ag tabhairt faoi staidéar breise go 16.3% sa bhliain 2023, síos ó 16.9% sa bhliain 2022 agus ó 18.3% sa bhliain 2021. Tháinig méadú ar an dífhostaíocht go 5.0% sa bhliain 2023, suas ó 3.7% sa bhliain 2022.
    • Is ar chonarthaí buana nó neamhiata atá 63.8% de Chéimithe Fochéimeanna Onóracha.
    • De na céimithe a bhí toilteanach lena dtuarastal a chur in iúl, bhí 70.2% díobh ag tuilleamh suas le €39,999 agus bhí 29.7% díobh ag tuilleamh níos mó ná €40,000. Ní raibh 28.0% de chéimithe toilteanach lena dtuarastal a chur in iúl.
    • Is í an ghairm is coitianta i measc céimithe naoi mí tar éis dóibh a gcéim a bhaint amach ná Slite Beatha Gairmiúla (51.8%).
    • Naoi mí tar éis dóibh a gcéim a bhaint amach, tá 91.7% de chéimithe fostaithe ag obair in Éirinn. Is é Contae Bhaile Átha Cliath an contae fostaíochta is coitianta (40.9%). Is iad Contae Chorcaí (13.8%) agus Contae na Gaillimhe (6.6%) na contaetha fostaíochta is coitianta ina dhiaidh sin.
    • Sa bhliain 2023, chuir 56.6% de chéimithe intéirneachtaí i gcrích. Is méadú beag é sin ó 55.9% sa bhliain 2022.
    • Measann níos mó ná seisear as gach deichniúr céimithe go bhfuil a gcúrsa An-ábhartha nó Ábhartha dá post (62.5%).
    • I measc na bhfoinsí fostaíochta is coitianta tá Suíomhanna Earcaíochta (22.4%), a bheith ag obair san áit oibre sin cheana féin (taithí oibre san áireamh) (19.4%) agus Teagmhálaithe Pearsanta (17.9%).
  • Céimithe Iarchéimeanna

    Céimithe Iarchéimeanna Múinte

    • Áirítear le Céimithe Iarchéimeanna Múinte céimithe ó chláir Teastais Iarchéime, ó chláir Dioplóma Iarchéime agus ó chláir Máistreachta Múinte.
    • 24,526 chéimí (56.3% den inscne bhaineann; 43.7% den inscne fhireann)
    • Naoi mí tar éis dóibh a gcéim a bhaint amach, bhí 84.1% de Chéimithe Iarchéimeanna Múinte i mbun fostaíochta, síos ó 89.3% sa bhliain 2022 agus ó 89.7% sa bhliain 2021. Tháinig méadú ar an gcion de chéimithe a bhí ag tabhairt faoi staidéar breise go 4.3% sa bhliain 2023, suas ó 2.9% sa bhliain 2022 agus ó 3.6% sa bhliain 2021. Tháinig méadú ar an dífhostaíocht go 9.0% sa bhliain 2023, suas ó 5.8% sa bhliain 2022 agus ó 4.6% sa bhliain 2021.
    • Naoi mí tar éis dóibh a gcéim a bhaint amach, tá pas beag níos mó ná triúr as gach cúigear Céimithe Iarchéime Múinte (60.1%) fostaithe i Slite Beatha Gairmiúla.
    • Is ar chonarthaí buana nó neamhiata atá 71.2% díobh. Is laghdú beag é sin ó 71.7% sa bhliain 2022.
    • Tá níos mó ná leath na gcéimithe (52.1%) ag tuilleamh níos mó ná €40,000 in aghaidh na bliana.
    • Tá 9.8% de Chéimithe Iarchéimeanna Múinte ag tuilleamh níos mó ná €80,000, i gcomparáid le 2.7% de Chéimithe Fochéimeanna Onóracha.
    • Creideann 67.0% de chéimithe go bhfuil a gcúrsa ábhartha dá bpost.

    Céimithe Iarchéimeanna Taighde

    • Áirítear le Céimithe Iarchéimeanna Taighde céimithe ó chláir Máistreachta Taighde agus ó chláir Dhochtúireachta.
    • 2,031 chéimí (51.7% den inscne bhaineann; 48.3% den inscne fhireann)
    • Sa bhliain 2023, bhí 89.1% de Chéimithe Iarchéimeanna Taighde i mbun fostaíochta naoi mí tar éis dóibh a gcéim a bhaint amach. Ba laghdú beag é sin ó 89.7% sa bhliain 2022 agus ó 89.6% sa bhliain 2021.
    • Tháinig méadú ar an gcion de chéimithe a bhí ag tabhairt faoi staidéar breise, agus é cothrom le 3.5% sa bhliain 2023, suas ó 2.3% sa bhliain 2022 agus ó 3.2% sa bhliain 2021.
    • San am céanna, tháinig méadú ar an dífhostaíocht go 4.9% sa bhliain 2023, suas ó 3.7% sa bhliain 2022 agus ó 3.4% sa bhliain 2021.
    • Tá 72.7% san iomlán díobh ag tuilleamh níos mó ná €40,000 in aghaidh na bliana.
    • Tá 14.5% de Chéimithe Iarchéimeanna Taighde ag tuilleamh níos mó ná €80,000, i gcomparáid le 8.8% de Chéimithe Iarchéimeanna Múinte agus le 2.7% de Chéimithe Fochéimeanna Onóracha.
    • Is ar chonarthaí buana nó neamhiata atá 61.5% díobh. Is laghdú é sin ó 63.5% anuraidh.
    • An cineál slí beatha is coitianta is ea Slite Beatha Gairmiúla, agus é freagrach as 58.1% de Chéimithe Iarchéimeanna Taighde. B’ionann an figiúr sin agus 64.7% i gcás Rang na bliana 2022.
    • Creideann 75.6% de chéimithe go bhfuil a gcúrsa ábhartha dá bpost.
  • Céimithe Idirnáisiúnta

    • Bhí sainchónaí thar lear ar 13,819 gcéimí (51.9% den inscne bhaineann; 48.1% den inscne fhireann)
    • Is é Gnó, Riarachán agus Dlí an réimse staidéir is mó tóir i measc an ghrúpa sin, agus 34.7% den ghrúpa ag roghnú an réimse staidéir sin.
    • Sa bhliain 2023, bhí 75.3% de chéimithe a bhfuil sainchónaí thar lear orthu i mbun fostaíochta naoi mí tar éis dóibh a gcéim a bhaint amach. Ba laghdú é sin ó 79.7% sa bhliain 2022.
    • Tháinig laghdú ar an gcion de chéimithe a bhí ag tabhairt faoi staidéar breise, agus é cothrom le 7.7% sa bhliain 2023, síos ó 8.8% sa bhliain 2022.
    • Ar na fostóirí is mó do chéimithe a bhfuil sainchónaí thar lear orthu bhí na Scoileanna, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Ernst & Young agus Deloitte.
    • Ba iad suíomhanna earcaíochta (24.2%) an fhoinse ba mhó tóir le haghaidh post a aimsiú i measc céimithe a bhfuil sainchónaí thar lear orthu.
  • Sonraí Institiúideacha

    • Is gnách go mbíonn rátaí fostaíochta níos airde ag Ollscoileanna Teicneolaíochta ná mar a bhíonn ag Ollscoileanna toisc gur gnách go dtéann cion níos mó dá gcéimithe isteach san fhostaíocht go díreach in ionad tabhairt faoi staidéar breise. Tá figiúr idir 82% agus 87% de Chéimithe Fochéimeanna Onóracha ó Ollscoileanna Teicneolaíochta i mbun fostaíochta naoi mí tar éis dóibh a gcéim a bhaint amach. Is é figiúr idir 64% agus 85% an figiúr coibhéiseach i gcás ollscoileanna.
    • In Ollscoil na Gaillimhe, mar shampla, bhí 31.7% de Chéimithe Fochéimeanna Onóracha ó Rang na bliana 2022 i mbun staidéar breise. Is é 10.6% den chohórt céanna sin an figiúr coibhéiseach i gcás Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.
    • Is i Slite Beatha Gairmiúla atá 52.9% de na céimithe uile atá fostaithe ag obair. Tá éagsúlacht san fhigiúr sin ar fud na n-institiúidí difriúla, áfach. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil inár sonraí ar leibhéal an ÚAO tríd an nasc seo a leanas a leanúint – Aguisín (GO 2022).