Mo Thráchtas i mBeagán Focal poster



Mo Thráchtas i mBeagán Focal – Oíche iontach ag an gcomórtas nua ón Údarás um Ard-Oideachas

D’éirigh go hiontach leis an gcéad bhliain den chomórtas Mo Thráchtas i mBeagán Focal i mBaile Átha Cliath ag deireadh mí na Samhna. Bhí deis ag mic léinn iarchéime ó fud fad an oileáin páirt a ghlacadh agus cur i láthair a dhéanamh faoina dtráchtas. Is mór an dúshlán é cur síos a dhéanamh ar thráchtas ollscoile laistigh de chúig nóiméad ach d’eirigh go maith leis na hiarrthóirí ar fad.

Chuir Dr Rosemary Day, ar chomhalta boird ar an Údarás um Ard-Oideachas agus Ceannasaí Roinn Léinn na Meán agus Cumarsáide i gColáiste Mhuire gan Smál í, oscailt oifigiúil leis an gcomórtas. Ina ráiteas tosaigh, leag Dr Day béim ar an ról lárnach atá ag an nGaeilge i sochaí, cultúr agus oidhreacht na hÉireann agus dúirt gur eagraíodh an comórtas seo chun aitheantas a thabhairt don ról atá ag an Údarás faoi Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 2022, chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge in earnáil an ardoideachais agus chun tacú le rannpháirtíocht agus rath na mac léinn sa chóras ardoideachais. Ní hamháin go dtugann an comórtas seo deis do na mic léinn feabhas a chur ar a gcuid scileanna acadúla agus cumarsáide trí Ghaeilge ach tugann sé deis dóibh freisin agus a gcuid taighde a roinnt ar leibhéal náisiúnta.

Tim Conlon, Joseph McInerney, Peadar Ó Rathaille, Liadain De Paor, Megan Byrne, Pól Ó Sniadhaigh, Alex Candon, Nora Murphy, Caolán Mac Grianna, Dr Jack Gleeson

Na hIarrthóirí

Bhí slua bhreá i láthair ar an oíche in Ionad Ché an Adhmaid a d’éist go haireach leis na hiarrthóirí a bhí ó gach disciplín ollscoile amhail léann an oideachais, an tsíceolaíocht, fuinneamh in-athnuaite, agus an litríocht. Bhí iarrthóirí ann ó chúig insitiúid ardoideachais ó fud an oileáin.  Is iad na mic léinn seo a leanas na hiarrthóirí ar fad a roghnaíodh chun a bheith páirteach:

  • Alex Candon ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
  • Caolán Mac Grianna ó Ollscoil na Gaillimhe
  • Joseph McInerney ó Ollscoil na Banríona Béal Feirste
  • Liadain De Paor ó Choláiste na Trionóide Bhaile Átha Cliath
  • Megan Byrne ó Ollscoil na Gaillimhe
  • Nora Murphy ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
  • Peadar Ó Rathaille ó Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan
  • Pól Ó Sniadhaigh ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Dr Rosemary Day ag cur tús oifigiúil leis an gcomórtas

Ceardlann Ullmhúcháín

Is é an dúshlán a bhí roimh na mac léinn seo ná a gcuid taighde a chur i láthair ar bhealach atá sothuighte, spreagúil, agus gonta. Ní hamháin sin ach ní raibh ach cúig nóiméad ag gach mac léinn chun é sin a dhéanamh. Chun cabhrú leis na mic léinn ullmhú don chomórtas, tugadh deis dóibh freastal ar cheardlann ullmhúcháin a threoraigh Eoin McEvoy ar Theicneolaí Oideachais é in UCD. Chomh maith leis sin, is é Eoin an stiúrthóir ar an gcomharghrúpa ealaíne AerachAiteachGaelach. D’éirigh go haoibhinn leis an gceardlann agus bhí toradh na hoibre sin le feiceáil ar an oíche. Ba mhaith leis an Údarás um Ard-Oideachas buíochas a ghabháil le hEoin arís as an obair thar a bheith luachmhar seo a rinne sé.

Painéal Moltóirí

Bhí triúr ar phainéal moltóirí don chomórtas a d’oibirgh go crua ar an oíche chun na buaiteoirí a roghnú. Is í an Dochtúir Rosemary Day Ceann Roinn na Meán agus Cumarsáide i gColáiste Mhuire gan Smál. Is comhalta boird í ar an Údarás um Ard-Oideachas í. Tá an-spéis aici sa raidió pobail agus i measc na n-éachtaí atá bainte amach aici le linn a gairme ná Raidió na Life a bhunú, an stáisiúin raidió do chainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath.  Chomh maith leis sin, Bhí Rónán Ó Muirthile linn ar an oíche agus is é Cheann Dhámh na Scannánaíochta, na hEalaíne, agus na teicneolaíochta cruthaithí é in Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire. Tá Rónán páirteach i bhfeidhmeannas a institiúide agus chomh maith leis sin tá sé ar an gcoiste stiúrtha de FilmEU. Ní hamháin gur fear léinn é Rónán ach is cleacthóir gníomhach é in earnáil na teilifíse agus tá dhá gradaim IFTA faighte aige as an obair sin. Agus in éindí leo san, bhí Pádraig Mac Brádaigh an Leas Uachtarán don Ghaeilge ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Tá céim bainte amach ag Pádraig sa Luath agus Nua-Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit ar oibrigh sé d’aontas na mac léinn mar Oifigeach na Gaeilge. Ba mhaith leis an Údarás um Ard-Oideachas buíochas a ghabháíl freisin leis an bpainéal moltóirí. Bhí comórtas an-ghéar ann ar an oíche os rud é go raibh caighdeán na n-iarrthóirí ar an leibhéal is airde. Ba mhaith leis an Údarás um Ard-Oideachas buíochas a ghabháil leis an bpainéal moltóirí, ní raibh jab éasca acu ar an oíche!

 

 

Painéal Moltóirí i mbun oibre. Dr Rosemary Day, Pádraig Mac Brádaigh, Rónán Ó Muirthile

Na Buaiteoirí

Bhí sé mar sprioc ag an gcomórtas seo ceiliúradh a dhéanamh ar thaighde na mac léinn iarchéime. Caitheann mic léinn go leor ama ag obair leo féin ag déanamh taighde chun tráchtas a scríobh agus is annamh iad na deiseanna chun an obair seo a roinnt le daoine eile. Bhí ochtar páirteach ar an oíche agus is na daoine seo a leanas a roghnaíodh mar bhuaiteoirí ar an oíche:

  • Céad Áit : Liadain De Paor ó Choláiste na Trionóide Bhaile Átha Cliath
  • Dara Áit: Megan Byrne ó Ollscoil na Gaillimhe
  • Tríú Áit: Nora Murphy ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Bronnadh iPad Air ar an gcéad áit, agus iPad ar an dara áit agus dearbhán One4All de luach €150 ar an tríú áit. Ina theannta sin, oibreoidh an maisitheoir Selkies, Louise Ní Chuilinn, leis na triúr buaiteoirí chun léaráidí dá tráchtais a dhearadh ar leathanach amháin de ghreannán. Beidh na léaráidí seo le feiceáil go luath.

 

Rónán Ó Muirthile, Pádraig Mac Brádaigh, Dr Rosemary Day, Nora Murphy, Liadain De Paor, Megan Byrne, Dr Jack Gleeson

D’éirigh go hiontach leis an gcéad bhliain de Mo Thráchtas i mBeagán Focal, cuireadh spéis go mór ann agus tá suim léirithe ag mic léinn eile cheana féin páirt a ghlacadh sa chéad comórtas eile. Bhí tús láidir ag an togra seo agus táimid ag súil go dtiocfaidh fás agus forbairt air sna blianta amach romhainn.

Bronnadh tromán páipéir ar gach iarrthóir

Is í Órlaith Ní Thuathaigh ó Chonradh na Gaeilge a d’oibrigh mar bhean an tí ar an oíche. Is í Órlaith Comhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge.

Bhí slua bhréa i láthair ar an oíche in Ionad Ché an Adhmaid