
The HEA is pleased to announce the publication of a proposed HEA Funding Framework and the opening of a consultation process on this Framework.
S37(2) of the Higher Education Authority Act 2022 (the “HEA Act”) requires that the HEA shall from time to time, with the approval of the Minister, prepare and establish a framework – in the HEA Act referred to as a ‘funding framework’ – for the allocation of funding to bodies seeking funding in a manner that is consistent with the objects and functions of the Authority provided for in the HEA Act and in accordance with any directions given to it by the Minister at the Department of Further and Higher Education, Research, Innovation and Science.
The scope of the consultation process is restricted to the Funding Framework as set out by S37 of the HEA Act. Bodies seeking funding and their representative bodies are invited to make submissions.
Submissions may be made online using a form available at this link HEA Funding Framework Consultation. The deadline for making submissions is 7 April 2025. Please note that late submissions and/or submissions made via other means will not be accepted.
Queries pertaining to the consultation may be addressed to FundingFramework@hea.ie.
Is cúis áthais don ÚAO a fhógairt go bhfuil Creat Cistiúcháin atá beartaithe ag an ÚAO foilsithe agus go bhfuil próiseas comhairliúcháin maidir leis an gCreat seo oscailte.
Le halt 37(2) d’Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022 (“Acht an Údaráis um Ard-Oideachas”), ceanglaítear ar an ÚAO creat – dá ngairtear ‘creat cistiúcháin’ in Acht an Údaráis um Ard-Oideachas – a ullmhú agus a bhunú ó am go ham le ceadú ón Aire le haghaidh cistiú a leithdháileadh ar chomhlachtaí atá ag lorg cistiúcháin ar mhodh atá i gcomhréir le cuspóirí agus feidhmeanna an Údaráis dá bhforáiltear in Acht an Údaráis um Ard-Oideachas agus de réir aon ordachán a thabharfaidh an tAire ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta dó.
Tá raon feidhme an phróisis comhairliúcháin srianta don Chreat Cistiúcháin mar a leagtar amach in Alt 37 d’Acht an Údaráis um Ard-Oideachas. Tugtar cuireadh do chomhlachtaí atá ag lorg cistiúcháin nó dá gcomhlachtaí ionadaíocha chun aighneacht a dhéanamh.
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ar líne seo Comhairliúchán ar Chreat Cistiúcháin an ÚAO, faoin 7 Aibreán 2025. Tabhair faoi deara nach nglacfar le haighneachtaí déanacha ná haighneachtaí a cuirtear isteach trí mhodhanna eile.
Is féidir ceisteanna a bhaineann leis an bpróiseas comhairliúcháin seo a sheoladh chuig FundingFramework@hea.ie.