Fógraíonn an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Simon Harris cistí €37m faoi Chlár Taighde Thuaidh-Theas maidir le hOileán Comhroinnte



Maura O'Shea

By Maura O'Shea

Posted: 2 March, 2022

HEA Irish Logo

Áirítear ar na tograí a bhfuil ciste á bhronnadh ina leith taighde maidir le cógas leighis mionchóirithe i ndáil le hailse, oiliúint maidir le vacsaíní agus coiriúlacht óige

Bhronn an Taoiseach Micheál Martin T.D. agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Simon Harris T.D. inniu €37.3 milliún faoin gcéad ghairm cistíochta a ghabhann leis an gClár Taighde Thuaidh Theas ar dhá thionscadal comharthaighde agus trí fichead idir an lucht léinn agus na foras léinn in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann.

Is scéim comharoibre an Clár Taighde Thuaidh-Theas le maoiniú faoin gCiste um Oileán Comhroinnte. An tÚdarás um Ardoideachas a dhéanann riarachán air thar ceann na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Tá luach idir €200,000 le himeacht dhá bhliain agus €4 milliún le himeacht ceithre bliana leis na cistí atá á mbronnadh ar na comharthograí faoi thrí shnáithe – Snáithe I: Tograí déthaobhacha taighdeoir le taighdeoir, Snáithe II: Moil sárthaighde atá i mbéal forbartha agus Snáithe III: Comhar páirtnéireachta ar scála suntasach.

Áirítear ar na tograí ar éirigh leo:

· Conair Nuálaíochta an Atlantaigh – togra i gcomhar idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Uladh trína ndíreofar ar an modh inar féidir nuáil a chothú go leanúnach i réigiún ina bhfuil roinnt cathracha éagsúla agus dáileadh casta ar an daonra. Áirítear ar na forais páirtnéireachta eile atá ceangailte leis an togra seo Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo agus Ollscoil Luimnigh;

· Institiúid Taighde Ailse Uile-Oileáin – togra faoi cheannródaíocht Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, trína dtugtar deich gcinn d’fhorais léinn agus de na hospidéil teagaisc atá ceangailte leo ar fud oileán na hÉireann le chéile i mbun oibre ar chógais leighis mhionchóirithe i ndáil le hailse;

· Stable Lives Safer Streets – togra i gcomhar idir Ollscoil Luimnigh agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste lena ndéantar scrúdú ar chúrsaí dlí agus cirt maidir leis an óige, obair pobail agus óige, léann tráma agus sábháilteacht pobail;

· Comhaontas Taighde agus Oiliúint Vacsaíní Uile-Oileáin – togra i gcomhar idir Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil na Ríona, Béal Feirste lena scrúdaítear teacht chun cinn na mbaictéar ina bhfuil seasamh in aghaidh antaibheathach (AMR).

Ag fógairt na gcistí dó, dúirt an Taoiseach Micheál Martin: “Is breá liom cistí suntasacha den sórt seo a fheiceáil á ndáileadh ar thaighdeoirí agus ar fhorais Ardoideachais faoin gClár Taighde Thuaidh Theas.

Treiseoidh bronnadh na gcistí seo le fís an Rialtais maidir le hOileán Comhroinnte trí thaighdeoirí as gach cearn den oileán a thabhairt le chéile i mbun oibre ar thograí tionscantacha as seo go ceann ceithre bliana; ní dlús breise a chur le caidreamh atá ar bun cheana féin amháin atá i gceist, tá comhar nua páirtnéireachta á chothú freisin i gcásanna éagsúla.

Thug mé suntas faoi leith don leibhéal ard spéise a léiríodh sa chúram agus do shárchaighdeán na dtograí a cuireadh chun cinn. Táim lánmhuiníneach go dtreiseofar arís le clú na nuálaíochta agus an sárthaighde ar lucht léinn an oileáin seo mar gheall ar an gcomharobair trasteorann seo”. Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris: “Is deiseanna barrthábhachtacha taighde, eolaíocht agus nuálaíocht maidir le cur lenár dtuiscint ar na réimsí dúshláin a chuirtear romhainn agus seifteanna míniúcháin a aimsiú ina leith. “Tá 62 togra nua taighde á bhfógairt inniu againn arna leagan amach ag an lucht taighde ar fud an oileáin d’fhonn ábhar dúshláin a chuirtear romhainn araon a mhíniú. “Cuirfidh seo dlús breise leis an gcaidreamh Thuaidh Theas agus cuideofar le caidreamh nua a chruthú agus a chothú idir dreamanna nach raibh i mbun an chomhair go dtí seo. Is mian liom buíochas a ghabháil leis an Taoiseach as a chuid tacaíochta agus an maoiniú faoin gCiste um Oileán Comhroinnte.” Dúirt an Dr Alan Wall, Príomhfheidhmeannach an Chlár Taighde Thuaidh-Theas: “Tugann an Clár Taighde Thuaidh-Theas deis do thaighdeoirí oibriú ar bhealach trína gcuirtear faisnéis, saineolas agus scileanna i bpáirt agus obair á déanamh i gcomhar d’fhonn díriú ar réimsí dúshláin domhanda, náisiúnta agus réigiúnacha agus treisiú leis an gcaidreamh idir daoine den lucht taighde agus leis an tionchar a bhíonn ag toradh a gcuid saothair ar an saol againn ar fad ar an oileán seo.”

Rinneadh €40m a leithroinnt ar an gClár Taighde Thuaidh Theas as an gCiste um Oileán Comhroinnte anuraidh. Cor suntasach seo atá dírithe ar threisiú an cheangail idir na forais ardoideachais, an lucht taighde agus meithle taighde ar oileán na hÉireann agus cur chuige uile-oileáin a thabhairt i dtreis maidir le cúrsaí taighde agus nuála. Mar a fógraíodh roimhe seo agus mar atá aontaithe ag an Rialtas, eagrófar an dara gairm faoin gClár i rith na bliana 2023. Táthar i mbun ceisteanna maidir le scóip agus scála an dara gairm a bhreithniú faoi láthair. Is féidir liosta iomlán de na tograí a bhfuil ciste á bhronnadh ina leith faoin gcéad ghairm seo faoin gClár Taighde Thuaidh Theas a aimsiú anseo. -Críoch-

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Luaitear i gClár an Rialtais go bhfuiltear tugtha do threisiú le clár taighde agus nuálaíochta Thuaidh/Theas agus is céim shuntasach maidir leis sin a thabhairt i bhfeidhm an Clár Taighde Thuaidh-Theas.

Cuideofar faoin gclár le hobair taighde óna dtiocfaidh tairbhe eacnamaíochta agus sóisialta d’oileán na hÉireann. Seo a leanas na prionsabail bhuntábhachtacha atá leis an gclár:

· Taighde, nuálaíocht, forbairt agus comharobair idir daoine aonair agus forais ardoideachais a chothú trí threisiú leis an nuálaíocht agus leis an tsainiúlacht ionas go gcuirtear dá réir le hearnáil an ardoideachais ó Thuaidh agus ó Dheas;

· Treisiú leis an leanúnachas taighde, teagaisc agus foghlamtha agus le scileanna agus ardchaighdeán na gcéimithe chomh maith le tábhacht reatha thoradh a gcuid saothair;

· Craobhchórais sárfheabhais agus meithle páirtnéireachta ar scála cuí a chothú maidir le cúrsaí taighde, nuálaíochta agus forbartha;

· Leas a dhéanamh maidir le ceapadh an bheartais a bhaineann le tionscnamh an Oileáin Comhroinnte agus tairbhe a dhéanamh don fhiontraíocht agus do dhreamanna pobail ó thuaidh agus ó dheas;

· Cion tairbhe a dhéanamh maidir le cothú acmhainne, cruthú áite/dúichí nuálaíochta.

Déanann an tÚdarás um Ardoideachas bainistíocht ar an gClár thar ceann na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Tá trí shnáithe i gceist le struchtúr an Chláir :

I. Tograí déthaobhacha taighdeoir le taighdeoir

Tugtar cúnamh taca faoi seo maidir le hobair i gcomhar idir taighdeoir aonair atá lonnaithe i bhforas ardoideachais de chuid na hÉireann agus taighdeoir i bhforas ardoideachais i dTuaisceart Éireann ar thogra taighde sonrach.

II. Moil Sárthaighde atá i mBéal Forbartha

Tugtar cúnamh taca do mheithle taighde maidir le taighde i gcomhar ar chlár oibre comhaontaithe.

III. Caidreamh straitéiseach taighde idir forais

Tugtar cúnamh taca d’fhorais ardoideachais maidir le hobair i gcomhar eatarthu atá bunaithe ar réimsí taighde a bhfuil tús áite ag na forais éagsúla leo ar bhonn straitéise.

Our use of cookies

We use necessary cookies to make our site work. We'd also like to set optional analytics cookies to help us improve it. We won't set these optional cookies unless you enable them. Using this tool will set a cookie on your device to remember your preferences.

For more detailed information about the cookies we use, see our Privacy Policy page


Necessary cookies

Necessary cookies enable core functionality such as security, network management, and accessibility. You may disable these by changing your browser settings, but this may affect how the website functions.


Analytics cookies

We'd like to set Google Analytics cookies to help us to improve our website by collecting and reporting information on how you use it. The cookies collect information in a way that does not directly identify anyone.